Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:20 Page 368
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine
na tíre cheana féin faoi scéim na Scoileanna Glasa agus is mór an tairbhe a bhaineann daltaí aisti.
Lena chois sin, tuigeann An Roinn Oideachais agus Eolaíochta a thábhachtaí is atá an timpeallacht agus slánú na timpeallachta agus tá baint mhór acu le cuid mhaith de na hábhair scoile atá á ndéanamh ag daltaí in Éirinn. Tá níos mó eolais ná ariamh ag daltaí faoi na téamaí is mó atá i mbéal an phobail cosúil le téamh domhanda, cumhacht núicléach, an ciseal ózóin agus mar sin de. Tuigimid chomh maith go mbeimid féin thíos leis an truailliú seo ar fad i ndeireadh an lae.
Braithim, mar sin, go raibh mac Uí Ruairc i bhfad ródhian ar dhaoine óga na tíre san alt a scríobh sé agus déarfainn leis a chuid fíricí a dhearbhú sula rachaidh sé i mbun pinn arís! Mholfainn dó freisin gan an seanfhocal a ligean i ndearmad: ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí.’
Tá súil agam go gcuirfidh tú an litir seo i gcló. Is mise le meas,
Aodh Ó Mainnín
Gluais ní mó ná sásta a bhí mé: bhí mé an-mhíshásta mar bharr ar an donas: níos measa fós slánú: sábháil obair éachtach: obair iontach thíos leis: ag fulaingt