Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:18 Page 325
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu dhéanamh ar na taispeántais. Taitníonn an obair go mór liom.”
Lean an t-agallamh ar aghaidh ar feadh uair a chloig. Faoi dheireadh, dhún sé a leabhar nótaí. Bhí sé ar tí imeacht nuair a labhair Sorcha arís.
“Ar mhiste leat bualadh isteach orm sa bhaile led thoil, tráthnóna amárach. Tá rud éigin le taispeáint agam duit, a chigire agus ceapaim go mbeidh spéis agat ann.”
“Buailfidh mé isteach ort, cinnte, a Shorcha. Agus ní gá duit cigire a thabhairt orm. Hans is ainm dom.”
Ceisteanna scrúdaithe
A. Buntuiscint i Deirtear faoi dhó sa sliocht gur bhraith Sorcha neirbhíseach i dteannta an bhleachtaire. Breac síos dhá phointe eolais ón sliocht a léiríonn an méid sin.
ii Cén gnó a bhí ag an gCigire Hans Webber-Gunz le Sorcha?
iii Breac síos dhá phointe eolais ón sliocht faoin obair a bhí á déanamh ag Sorcha sa ghailearaí.
B. Léirthuiscint ghinearálta i Cén t-eolas atá sa sliocht faoi Dháithí?
ii Luaigh dhá thréith a bhaineann le Sorcha sa scéal seo. I gcás ceann amháin den dá thréith sin, déan cur síos ar rud amháin a thugann léiriú ar an tréith sin.
iii Cén fáth ar thug Sorcha cuireadh do Hans bualadh isteach chuici sa bhaile? C. Líon na bearnaí sna habairtí seo a leanas.
1. Nuair a shiúil Sorcha isteach sa ghailearaí ar a deich a chlog maidin Luain, bhí sí ó bheith gafa sa trácht.
2. Bhí an strainséir a bhí ag fanacht léi ina hoifig 3. Fear dathúil ab ea é ach bhí 4.
air. neirbhíseach nuair a cheistigh an strainséir í.
5. Dúirt an póilín léi go raibh luach cúig mhilliún Euro de phictiúir 6. Labhair an cigire léi cosúil le múinteoir a bhí 7.
a cheann nuair a d’iarr sí air éirí as a cathaoir.
8. Nuair a bhí na cáipéisí á lorg ag Sorcha sa tarraiceán, agus lean sé air ag breathnú go géar uirthi.
an bleachtaire
níor bhog – ar iarraidh – corraithe – cuma bhagarthach chrom sé – bhraith sí – ag plé le – ag breathnú