Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 28
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Cleachtaí 1. Meaitseáil na focail atá ar an liosta 1- 10 leis na focail atá ar an liosta A-L. 1. cosc
2. go mífhonnmhar 3. folcadh
4. preabann íomhánna 5. ag triall 6. ag guí
7. ag iarraidh cúnaimh 8. tocht
9. go mall 10. gan aird aige 2. Ceisteanna scrúdaithe
Léigh an dá dhán thuas agus freagair trí cinn de na ceisteanna a ghabhann leo. Ní mór ceist amháin a roghnú as A agus ceist amháin a roghnú as B. Is féidir an tríú ceist a roghnú as A nó B.
Ceisteanna (iad ar cómharc) A. Buntuiscint
i Déan cur síos ar an bpictiúr a chuireann an file os ár gcomhair sa chéad véarsa den dán Gan Bhricfeasta.
ii Tabhair cuntas gearr ar chuid de na cúraimí a bhí ar an bhfile agus ar na páistí eile ag an deireadh seachtaine sa dán Gan Bhricfeasta.
iii Déan cur síos ar an suíomh a chuirtear os ár gcomhair sa dán Paidir Fhada.
B. Léirthuiscint ghinearálta i Cén léiriú atá sa dán Gan Bhricfeasta ar theaghlach an fhile?
ii Cad é an mothúchán is láidre, dar leatsa, atá léirithe sa dán Paidir Fhada? Conas a chuireann an file an mothúchán sin os ár gcomhair?
iii Tabhair cuntas gairid ar chosúlacht amháin nó ar dhifríocht amháin atá idir an dá dhán.
A. tú féin a ní B. faoi bhrón
C. bhí leisce orthu D. go déanach E. paidir a rá F. ag dul
G. níor thug sé faoi deara L. ní raibh sé ceadaithe