Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:21 Page 390
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine Peadar Ó Móráin
Bhí sé pósta le hEibhlín agus bhí triúr páistí acu: Madhc, Cristín agus Pete.
Ba chonraitheoir tógála é san Oileán Fada i Nua Eabhrac. Chuir sé fáilte Uí Cheallaigh roimh a nia nuair a tháinig sé go Meiriceá.
Bhí Peadar bródúil as a chuid oibrithe agus thug sé pá maith dóibh i gcónaí.
Dúirt sé le Paidí go raibh ard-mheas aige air sular fhill sé ar Éirinn.
Jaicí Pecora
Bhí Paidí an-tógtha le Jaicí nuair a bhuail sé léi den chéad uair mar bhí sí go deas agus bhí sé éasca caint léi.
Bhí sí níos sine ná Paidí ach ba chuma leis faoi. D’éirigh an bheirt acu an-mhór le chéile agus cheap Paidí go raibh sé ag titim i ngrá léi. Ba bhreá léi a bheith ag cur ceisteanna ar Phaidí faoin saol in Éirinn agus d’éirigh leis eolas a mhealladh aisti faoi chúrsaí bainc.
Cheannaigh sé Fáinne an Chladaigh di sular fhill sé ar Éirinn agus gheall sé di go ndéanfadh sé teagmháil léi go luath.
Ceisteanna scrúdaithe
i Maidir le do rogha ceann amháin de na téamaí seo a leanas, ainmnigh gearrscéal Gaeilge nó úrscéal Gaeilge nó dráma Gaeilge (a ndearna tú staidéar air i rith do chúrsa) a bhfuil an téama sin i gceist ann. Ní mór teideal an tsaothair sin, mar aon le hainm an údair, a scríobh síos go soiléir.
(a) taisteal (b) duine amaideach (c) drochdhuine/duine dainséarach (d) grá nó fuath (e) saol na scoile (f) eachtra i dtír eile
ii Tabhair cuntas gairid ar a bhfuil sa saothar sin faoin téama atá roghnaithe agat.