Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:55 Page 76
Aonad a dó |Mo cheantar féin
imirce imithe i léig, tá níos lú daoine dífhostaithe agus tá geilleagar na tíre faoi bhláth a bhuí leis an Tíogar Ceilteach. Tá an chuid is mó de phobal na tíre go sona sásta - go deimhin tá an saol ar a dtoil acu!
Fuair Féile Rós Thrá Lí deontas turasóireachta ón rialtas sa bhliain 2006. Dúirt an tAire Spóirt agus Turasóireachta ag an am go mba mhór an sásamh dó é sin a dhéanamh le go dtiocfadh níos mó turasóirí as gach cearn den domhan go hÉirinn agus go mbeadh deis acu a bhfuil ar tairiscint anseo a bhlaiseadh. Ina theannta sin, dúirt sé go raibh súil aige go gcuideodh an t-airgead le muintir Thrá Lí taitneamh agus tairbhe a bhaint as an bhféile chorraitheach seo.
Gluais geilleagar na tíre: staid eacnamaíochta na tíre ina theannta sin: chomh maith leis sin
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. (a) Cathain a cuireadh tús le Féile Rós Thrá Lí? (b) Cérbh í an chéad bhuaiteoir?
2. (a) Cathain a thosaigh RTÉ ag craoladh na Féile? (b) Ainmnigh dhá fhéile eile a bhíonn ar siúl i gCiarraí i rith na bliana.
3. (a) Conas a théann an comórtas seo i gcion ar phobal na hÉireann? (b) Cad é buaicphointe an chomórtais?
4. Conas a chuidíonn Féile Rós Thrá Lí leis an tionscal turasóireachta? 5. (a) Cén fáth a mbíonn drochmheas ag roinnt daoine ar an bhféile cháiliúil seo? (b) Cén fáth ar bronnadh deontas turasóireachta ar an bhféile sa bhliain 2006?
B. Líon na bearnaí trí úsáid a bhaint as na focail thíos. 1. Beidh Westlife
san RDS i mbliana.
2. Téann cruachás na ndaoine bochta sa Tríú Domhan 3. Cuireadh
roimh an bpáiste nua sa rang.
4. Deir an Taoiseach go bhfuil 5. Is Corcaíoch mé agus 6. Is é Bono an duine
8. Shroich an cheolchoirm bhFiann.
faoi bhláth í láthair na huaire.
is Éireannach mé. sa bhanna ceoil U2.
7. Thosaigh an slua ag liú agus ag bualadh bos nuair a tháinig ar an bpáirc imeartha.
amach nuair a chan an grúpa ceoil Amhrán na
buaicphointe – na hiomaitheoirí – geilleagar na tíre – ag gníomhú – fíorchaoin fáilte – i gcion ar an bpobal – is mó le rá – ina theannta sin