Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:54 Page 52
Aonad a dó |Mo cheantar féin
Roinnt seanfhocal
Is leor don dreoilín a nead. For a little bird a little nest.
Is giorra cabhair Dé ná an doras. God’s help is nearer than the door.
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. No man is an island.
Ní neart go cur le chéile. Unity is strength.
Céim a dó Cleachtaí léamhthuisceana agus tascanna gramadaí
Léamhthuiscint 1 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Aodán Ó Dufaigh
Is mise Aodán Ó Dufaigh agus tá mé i mo chónaí sa Charraig Dhubh atá suite i ndeisceart Chathair Chorcaí. Is sráidbhaile é ach tá daonra an-mhór ann anois. Nuair a rugadh mo dheirfiúr, Aifric, naoi mbliana déag ó shin, bhí cónaí ar mo thuismitheoirí i dteach beag leathscoite i dtuaisceart na cathrach. Cheannaigh siad teach scoite sa Charraig Dhubh sular rugadh mise mar theastaigh uathu éalú ó shaol fuadrach na cathrach móire.
Tá mo theach suite in eastát mór tithíochta atá ar imeall an tsráidbhaile agus táim féin agus mo thuismitheoirí inár gcónaí ann. Is annamh a bhíonn Aifric sa bhaile mar tá sí ag freastal ar Choláiste Luimnigh. Ba mhaith léi a bheith ina múinteoir bunscoile amach anseo.
Is baile beag gleoite é an Charraig Dhubh atá suite ar bhruach Abhainn na Laoi. Bhí cáil ar an mbaile beag seo tráth de bharr na n-iascairí bradán a raibh cónaí orthu sa cheantar ach tá an ghairm bheatha sin imithe i léig le blianta beaga anuas. Ina theannta sin, is
52
Is buan fear ina dhúiche féin. A man is brave in his own back yard.
Níl aon tinteán mar do thinteán féin. There’s no place like home.
Is olc an t-éan a shalaíonn a nead féin. It’s a bad bird that soils its own nest.
Gluais
daonra: líon na ndaoine atá ina gcónaí in áit ar leith is annamh: ní minic