Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:59 Page 179
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt Dán a ndearna mé staidéar air i rith mo chúrsa.
Davis v. Higgins le Mícheál Ó Ruairc
tá beirt ag imirt chluiche snúcair
ainniseoir toitíneach is ea fear amháin acu
agus fear socair is ea an fear
eile beirt níos éagsúla ní fhaca tú riamh ó cruthaíodh an domhan seo - file fónta é Stiofán Dáibhis agus ní dhéanann sé riamh botún ach cuireann sé gach focal ina phóca ceart
agus ní dhéanann sé faillí ar Uaim ná ar Mheadaracht ach is file ar buile é Alsandar Ó hUiginn is raideann sé na focail i ngach uile áit ag gabháil ó cheann ceann an bhoird le luas lasrach agus cuireann a stoirm sheachtrach ríméad ar chách Stiofán agus Alsandar: An Fhilíocht Shiollach agus an tSaorvéarsaíocht dís nach ngabhann le chéile ar chlár imeartha snúcair nó, faraor san fhilíocht.
Meaitseáil an liosta 1-9 leis an liosta A-I. 1. ainniseoir
2. socair
3. níos éagsúla 4. fónta
A. ní dhéanann sé dearmad B. beirt
C. ciallmhar, stuama
5. ní dhéanann sé faillí E. ciúin, foighneach 6. raideann sé 7. le luas lasrach 8. ríméad 9. dís
F. go sciobtha, go tapaidh G. ní duine deas é H. níos difriúla I. an-áthas
1 = 2 = 3 =
D. buaileann sé na liathróidí go tréan 4 = 5 = 6 = 7 = 8 = 9 =