Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:18 Page 317
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu 1
Fear Lasta Lampaí - Gaillimh 1928 le Máirtín Ó Direáin
Ní raibh sé mór an fear Níor dheas a bhí ach gránna, Is cóip an bhaile mhóir Ag fonóid faoi gan náire.
Ach ghluais gan mhairg fós Is ar chuaillí chuaigh in airde, Ba dhraíodóir an fear beag A raibh an solas ina ghlaic, É ag tabhairt na gile leis Ó lampa go lampa sráide.
2 Ceisteanna scrúdaithe A. Buntuiscint
i Cén pictiúr de chathair Londain a chuirtear os ár gcomhair sa chéad véarsa den dán Lá Lúnasa i Londain?
ii Cén sórt daoine ba ea ‘cóip an bhaile mhóir,’ meas tú, atá luaite i línte 3-4 den dán Fear Lasta Lampaí?
iii Cén fáth ar thug an file ‘draíodóir’ ar an bhfear lasta lampaí sa dara véarsa den dán Fear Lasta Lampaí?
B. Léirthuiscint ghinearálta
i Cén t-eolas atá sa dara véarsa den dán Lá Lúnasa i Londain a léiríonn dúinn go ndeachaigh an t-ógfhear ar bhóthar a aimhleasa i Londain?
ii Cad is dóigh leat a léiríonn an dán Fear Lasta Lampaí faoin sórt duine a bhí san fhile?
iii Tabhair cuntas gairid ar chosúlacht amháin nó ar dhifríocht amháin atá idir an dá dhán, dar leat.
317
Gluais cóip: liúdramáin/daoscarshlua ag fonóid faoi: ag magadh faoi gan mhairg: gan aon bhrón air ba dhraíodóir: fear draíochta gile: solas
Léigh an dá dhán thuas agus freagair trí cinn de na ceisteanna a ghabhann leo. Ní mór ceist amháin a roghnú as A agus ceist amháin a roghnú as B. Is féidir an tríú ceist a roghnú as A nó B. Ceisteanna (iad ar cómharc)