Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:58 Page 164
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt
An Bhéaltriail Pictiúr 1
Sraith Pictiúr 4
Sa chéad phictiúr tá beirt daoine óga darb ainm Cáitín agus Darach ag siopadóireacht san ionad siopadóireachta. Breathnaíonn siad sona sásta lena chéile. Tá gruaig fhionn ar an mbeirt acu agus tá éadaí deinim á gcaitheamh acu chomh maith le bróga reatha. Tá mála láimhe dubh ag Cáitín.
Tá sé a trí a chlog agus tá an bheirt acu ag féachaint ar earraí leictreacha i siopa crua-earraí Uí Mhurchú atá suite díreach in aice le Siopa Seodóra Uí Shé. Tá teilifíseán, seinnteoir
dlúthdhioscaí agus raidió san fhuinneog agus ceapann siad go bhfuil cuid de na hearraí sin an-saor. Tá an seinnteoir dlúthdhioscaí 80 euro agus tá an raidió 50 euro. Tá beirt seanfhear ag caint lena chéile ar bhinse taobh thiar díobh.
Pictiúr 2
Sa dara pictiúr cloiseann siad cailín beag ag caoineadh in aice leo. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an cailín caillte. Bríd is ainm di a deir sí leo agus insíonn sí dóibh go bhfuil sí ceithre bliana d’aois. Tá gruaig dhubh uirthi agus tá gúna, geansaí stríocach, riteoga agus bróga reatha bána á gcaitheamh aici. Tá Bríd bheag ag caoineadh agus tá cuma an-bhuartha uirthi.
Pictiúr 3
Sa tríú pictiúr beireann Cáitín agus Darach ar lámha an chailín bhig agus téann siad go dtí an deasc eolais. Tá bean ard thanaí ina seasamh ag an deasc agus tugann siad an t-eolas ar fad faoin gcailín di. Fógraíonn sí ar mhicreafón go bhfuil cailín beag darb ainm Bríd atá ceithre bliana d’aois ag an deasc eolais. Tá an fógra le cloisteáil ar an gcallaire ar fud an ionaid.