Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:56 Page 111
Aonad a trí | Ar scoil Pictiúr 4
Is léir ón gceathrú pictiúr nach ndéanann an bádóir moill. Beireann sé ar a mhaidí rámha agus tosaíonn sé ag rámhaíocht i dtreo an bhuachalla. Sroicheann an bádóir Liam agu seasann sé suas. Beireann sé greim ar lámha Liam agus tarraingíonn isteach sa bhád é. Tosaíonn sé ag rámhaíocht go dtí bruach an locha. Tá slua daoine bailithe ann cheana féin. Tagann Liam bocht amach as an mbád agus tá crith cos agus lámh air leis an scanradh atá air. Tá a fhios aige go raibh an t-ádh dearg air nár bádh é. Tá ceacht dóite foghlamtha ag an leaid óg. Tá áthas an domhain ar Shinéad go bhfuil a cara slán sábháilte.
Rólghlacadh
Caitheamh Aimsire Tasc a haon Dalta (an t-iarrthóir) ag lorg eolais faoi bhallraíocht i gclub óige. Labhraíonn an dalta (an t-iarrthóir) le rúnaí an chlub óige (an scrúdaitheoir). Cumann an dalta (an t-iarrthóir) ceisteanna bunaithe ar an gcárta seo chun eolas a bhailiú faoin gclub óige: