Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 22
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Céim a sé Cleachtaí léamhthuisceana – Ceisteanna scrúdaithe
Léamhthuiscint 1 Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Ré na dTeaghlach Teilifíse! T
á clú agus cáil bainte amach ag ‘The Simpsons’ mar theaghlach a bhaineann gáire as daoine go rialta sa chlár teilifíse The Simpsons.
Ó craoladh é den chéad uair sa bhliain 1989, tá lucht féachana ollmhór ag an gcartún greannmhar seo. Ach is iomaí teaghlach teilifíse eile a bhí ar an bhfód, mar a déarfá, rompu. Is liosta le háireamh iad na cartúin agus na cláracha grinn eile a léiríodh i Meiriceá agus a craoladh ar fud an domhain i bhfad roimh ré na Simpsons. Is iad na cinn is cáiliúla ná The Flintstones agus The Jetsons.
Bhí The Flintstones á chraoladh uair sa tseachtain ón mbliain 1960 go dtí 1966. Bhí an cartún seo suite sa Chlochaois agus ba iad Fred agus Wilma Flintstone agus a ndlúthchairde, Barney agus Betty Rubble, na príomhphearsana. Ba léir ag tús na nóchaidí nach raibh an lucht féachana ag éirí bréan de chartúin a raibh eachtraí greannmhara agus saol an ghnáth-theaghlaigh fite fuaite ina chéile iontu i gcónaí. Cé go bhfuil The Simpsons ar an saol le fiche bliain anois, tá a lucht leanúna ag fás as éadan. Taitníonn an cartún le gach aoisghrúpa, bíonn aíonna cáiliúla ar an gclár go rialta agus ní bhíonn an clár ag plé le téamaí atá ródháiríre.
Gluais is liosta le háireamh iad: tá go leor díobh ré: aois (tréimhse stairiúil) a ndlúthchairde: cairde cléibh ag fás as éadan: ag dul i méid an t-am ar fad