Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:57 Page 125
Aonad a trí | Ar scoil
Gluais Meaitseáil an liosta 1-5 leis an liosta A-E.
1. ceird
2. na soithigh 3. mar gharnóir
A. na longa 1=
B. post, gairm bheatha 2= C. bláth álainn
3=
4. sciamh na scoithe D. d’fhág siad an baile 4= 5. thar tairsigh i gcéin E. garraíodóir
Staidéar ar an dán
Íomhánna Cuireann an file trí phictiúr os ár gcomhair sa dán gearr seo a léiríonn gairm an oide dúinn. Deir an file linn go bhfuil an t-oide cosúil le rí, le garnóir agus le máthair, ar chúiseanna éagsúla.
Tá sé soiléir go bhfuil meas mór ag an bhfile, Séamas Ó hAodha, ar ghairm (ar phost) an mhúinteora mar, sa chéad véarsa, cuireann sé an ghairm seo i gcomórtas le rí uasal a bhíonn lách agus tuisceanach leis na daoine atá faoina chúram.
Sa chaoi chéanna tá daltaí an oide mar a bheadh mairnéalaigh atá ag bualadh amach ar thuras farraige corraitheach. Is ionann an turas seo agus an saol atá i ndán do na daltaí óga. Déanann an t-oide a dhícheall a chuid daltaí a mhúineadh go cúramach sula n-imíonn siad uaidh:
Uasal ceird an oide: Mar rí ar imeall trá
Chuir ar toinn na soithigh ’S sheol go hoscailt bá.
Sa dara véarsa déanann an file comparáid idir gairm an oide agus garnóir a thugann togha na haire dá chuid plandaí i rith an gheimhridh sa teach gloine. Tá an t-oide díreach cosúil leis an ngarnóir toisc go dtuigeann sé go gcaithfidh sé gach dalta a chothú agus a spreagadh le go mbeidh sé/sí in ann seasamh leis/léi féin amach anseo:
Aoibhinn ceird an oide: Mar gharnóir lá Iúil
D’aistrigh sciamh na scoithe Ó ghrianán go húir.
Sa véarsa deireanach deir an file go bhfuil an t-oide mar a bheadh máthair atá ag fágáil slán leis na páistí a thóg sí. Tugann an t-oide aire do na páistí faoi mar a dhéanfadh a máithreacha féin. Ansin imíonn siad ó chúram an oide faoi mar a imíonn siad óna dteaghlaigh féin: