Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:17 Page 315
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
Ón tús d’aithin Chinedu Onyejelem an tsuim láidir sa Ghaeilge a bhí i measc a léitheoirí. D’aithin sé leis go bhfuil áit i gcónaí ag an nGaeilge i sochaí atá ag éirí níos éagsúla. Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, foilsíodh dhá leathanach Gaeilge i Metro Éireann den chéad uair i Márta na bliana 2006.
Gluais
an-tóir air: tá éileamh air is iomaí: tá an-chuid faoi chúrsaí reatha: scéalta móra an lae iasachta: tháinig siad ó thíortha thar lear lonnaithe: socraithe síos
forlíonadh: leathanaigh bhreise sa nuachtán ar mhaithe le hábhar ar leith (supplement) gradaim: duaiseanna ag cur fúthu: ina gcónaí tacaíocht: cabhair
Freagair na ceisteanna seo a leanas.
1. (a) Cathain a bunaíodh an nuachtán ilchultúrtha Metro Éireann? (b) Cár rugadh na daoine a bhunaigh é?
2. (a) Cén fáth a bhfuil Chinedu Onyejelem ar dhuine de na hAfracaigh is cáiliúla in Éirinn anois?
(b) Breac síos dhá rud a chuireann Metro Éireann ar fáil do phobail iasachta atá ina gcónaí in Éirinn anois.
3. (a) Cathain a thosaighMetro Éireann ag bronnadh na ngradam MAMA?
(b) Cén bhaint atá ag na pearsana móra le rá, Roddy Doyle agus Shalini Sinha, le Metro Éireann?
4. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó?
‘Tá tábhacht ag an nGaeilge do gach duine a chónaíonn sa tír seo anois.’ Alt 1 = Alt 2 = Alt 3 = Alt 4 = Alt 5 =
5. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó? ‘Is duine ildánach é an t-iriseoir seo.’ Alt 1 = Alt 2 = Alt 3 = Alt 4 = Alt 5 =