Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:18 Page 335
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
An Chopail san Aimsir Chaite agus sa Mhodh Coinníollach. •
Is é ‘ba’ foirm na Copaile san Aimsir Chaite agus sa Mhodh Coinníollach. Cuireann sé séimhiú ar an bhfocal a leanann é.
• Úsáidtear an fhoirm b’ roimh ghuta [seachas roimh é, í, iad] agus roimh ‘f ’. •
Is é ‘níor’ foirm dhiúltach na Copaile san Aimsir Chaite agus sa Mhodh Coinníollach. Baintear úsáid as ‘níorbh’ roimh ghuta nó ‘f ’ má thagann guta ina dhiaidh.
• Úsáidtear ‘Ar’ san fhoirm cheisteach nó Arbh roimh ghuta nó ‘f ’, mar shampla, ‘Ar phíolóta é Cian?’ nó ‘Arbh aisteoir í Siún?’ agus ‘Arbh fhéidir leat?’
• Úsáidtear ‘Nár’ san fhoirm cheisteach dhiúltach nó ‘Nárbh’ roimh ghuta nó ‘f’, mar shampla, ‘Nár mhaith leat?’ nó ‘Nárbh imreoir iontach é?’ agus ‘Nárbh fhearr leat?’
Dearfach + Ba bhreá léi
Ba dhóigh leat Bamhaith liom
Ba dhuine maith é Ba shaighdiúir í
B’ionadh liom B’aoibhinn leis B’fhearr liom
B’fhile iontach í B’fhuath liom
agus Ba é Caoimhín captaen na foirne. Ba é Home and Away an sobalchlár ab fhearr liom.
Diúltach – Níor bhreá léi
Níor dhóigh leat Níormhaith liom Níor dhuine maith é Níor shaighdiúir í
Níorbh ionadh liom Níorbh aoibhinn leis Níorbh fhearr liom Níorbh fhile iontach í Níorbh fhuath liom
Níorbh é Caoimhín captaen na foirne. Níorbh é Home and Away an sobalchlár ab fhearr liom.