Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:22 Page 410
Aonad a naoi |Mar chabhair - Nathanna úsáideacha - An Díospóireacht/An Óráid
Do thuairim faoin rún seo ‘Is mór an cur amú ama é a bheith ag dul ar scoil’
Tús seo
A dhaoine uaisle, fearaim fíorchaoin fáilte romhaibhWelcome ladies and gentlemen Ní aontaím leis an rún I disagree with the motion nó Táim glan in aghaidh an rúin seo I’m completely against this motion Beidh mé ag caint i gcoinne/in aghaidh an rúin I will be speaking against/opposing the motion Táim cinnte go mbeidh sibh ar aon intinn liom/ag aontú liom roimh dheireadh na díospóireachta I am certain that you will agree with me before the end of this debate
nó Táim lánchinnte go n-aontóidh sibh liom nuair a bheidh deireadh ráite agam I am certain that you will agree with me when I have finished speaking
Lár
Táim bréan de bheith ag éisteacht le bréaga an fhreasúra I’m sick and tired of listening to the opposition’s lies Tá an freasúra ag maíomh gur cur amú ama é a bheith ag dul ar scoil The opposition are claiming that going to school is a waste of time Seafóid! Rubbish! Nonsense! Ná creid focal uathu! Don’t believe a word from them! Is é mo thuairim mheáite go bhfuil go leor buntáistí ag baint leis an scoil It is my considered opinion that school has many advantages Ná déanaimis dearmad ar na rudaí fiúntacha a bhíonn á bhfoghlaim againn Let’s not forget the worthwhile things we are learning Ná bímis dall ar Let’s not be blind to Samhlaigh é Imagine it Is cinnte go gcabhraíonn an scoil leo réiteach le daoine eile It is certain that school helps them to get on with other people I gcoitinne In general Gan aon agó Without a doubt Séanfaidh an freasúra é ach tá i bhfad níos mó de bhuntáistí ná mar atá de mhíbhuntáistí ag baint le saol na scoile The opposition will deny it but school has many more advantages than disadvantages
Críoch
Ar an iomlán On the whole Tá an freasúra ag iarraidh an dubh a chur ina gheal oraibh The opposition is trying to fool you Ní gá dom a thuilleadh a rá I needn’t say anymore (I rest my case) Go raibh míle maith agaibh as ucht éisteacht liom Thank you very much for listening to me