Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:02 Page 231
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
Uair amháin bhí ar Bhillie an gúna dearg a chaitheamh ar feadh cúpla lá. Bhí sé fós uirthi nuair a thug a máthair cuairt uirthi. Thug a máthair ciseán mór bia di ach ní ligfeadh na mná rialta di aon chuid de a bhlaiseadh. Roinn siad an bia ar na cailíní eile agus chuir siad d’iallach ar Bhillie féachaint orthu agus iad á ithe.
Mar phionós breise ní ligfí do Bhillie dul a luí ina suanlios féin an oíche sin. Bhí duine de na cailíní tar éis bás a fháil an lá sin agus cuireadh Billie faoi ghlas sa seomra ina raibh an corp. Chaith Billie cuid mhaith den oíche ag screadaíl agus ag bualadh ar an doras ach ní osclódh na mná rialta an doras.
B’fhéidir gurb é an cruatan seo go léir a d’fhulaing Billie Holiday ina hóige an rud a a spreag í chun cúnamh a thabhairt do dhaoine eile. Nuair a bhí clú agus cáil bainte amach aici mar amhránaí blues i Meiriceá agus ar fud an domhain, thugadh sí lámh chúnta i gcónaí don té (duine) a bhíodh i ngátar.
Ba é a mian ná teach mór a cheannach áit éigin faoin tuath. Sa teach seo chuirfeadh sí lóistín ar fáil do pháisti tréigthe. Bheadh spás ann do chúigear is fiche agus bheadh triúr nó ceathrar ban ag obair ann. Thabharfadh na mná seo aire do na páistí – ach níos tábhachtaí fós, thabharfaidís grá dóibh.
Ach ní raibh ann ach brionglóid agus níor éirigh le Billie a brionglóid álainn a chur i gcrích. Ó bhí sí ina déagóir, bhíodh Billie ag caitheamh drugaí. Andúileach hearóine a bhí inti anois.
Chaith sí cúpla tréimhse i bpríosún de bharr na ndrugaí agus rinne sí cúpla iarracht éirí astu. Ach theip uirthi – agus sa deireadh ba iad na drugaí céanna a mharaigh í sa bhliain 1959 agus gan ach ceithre bliana is daichead slánaithe aici.
Gluais chuir siad d’iallach ar: d’ordaigh siad suanlios: seomra codlata mór an cruatan: an saol crua i ngátar: duine atá easpach ba é a mian: theastaigh uaithi tréigthe: caite i leataobh ag a dtuismitheoirí a chur i gcrích: a bhaint amach, a dhéanamh
andúileach hearóine: duine atá i ndaorghreim ag drochnós na hearóine