Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 23
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Is dream cantalach iad na Simpsons ach ní féidir leis an lucht féachana domhanda fanacht leis an gcéad eipeasóid eile den chlár nuair a bheidh Homer le ceangal arís de bharr a chlainne. Is mó ná cartún é The Simpsons anois. Is tionscal ollmhór é atá ag saothrú na múrtha airgid. Tá siopaí ar fud an domhain ag díol earraí atá bunaithe ar charachtair an chláir. Bhí níos mó díol ná ariamh ar na hearraí sin nuair a taispeánadh The Simpsons Movie den chéad uair i bpictiúrlanna i samhradh na bliana 2007.
Cheana féin, tá léiritheoirí cartún eile ag iarraidh buachaint orthu. Meastar gurb é an cartún Family Guy a chruthaigh Seth MacFarlane is mó atá ag bagairt ar The Simpsons i láthair na huaire. Tá an cartún seo faoi shaol Peter Griffin agus a bhean Lois, a bpáistí, Meg agus Chris atá sna déaga, an naíonán Stewie, atá beagáinín aisteach agus a madra Brian a bhfuil bua na cainte aige! Ní mór do Homer agus dá mhuintir a bheith san airdeall as seo amach!
Gluais cantalach: drochghiúmar a bheith ar dhuine le ceangal: fearg a chur ar dhuine ag saothrú na múrtha airgid: ag tuilleamh a lán airgid a bheith san airdeall: a bheith an-chúramach
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. (a) Cathain a craoladh an cartún The Simpsons den chéad uair?
(b) Tabhair dhá shampla de theaghlaigh theilifíse eile a bhí ar an bhfód rompu.
2. Breac síos dhá phointe eolais faoin gclár grinn The Flintstones. 3. Cad a bhí soiléir ag tús na nóchaidí? 4. Cad iad na rudaí is mó is cúis le rath an chartúin The Simpsons? 5. (a) Cathain a taispeánadh The Simpsons Movie den chéad uair? (b) Breac síos dhá phointe eolais faoin gcartún Family Guy.