Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:15 Page 255
Aonad a sé | Na Meáin Chumarsáide
Céim a ceathair Cleachtaí ceapadóireachta agus an Bhéaltriail
Aiste Léigh an aiste seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann léi.
An ríomhaire i saol an duine F
eictear domsa go bhfuil ré órga an ríomhaire buailte linn. Is mór an t-athrú atá tagtha ar
shaol an duine ó tháinig an ríomhaire ar an bhfód agus feicimid an t-athrú sin i mbeagnach gach gné den saol. Is deacair an teach nó an scoil nó an t-ionad oibre a shamhlú dá uireasa anois.
Nach méanar dúinn go bhfuil áis iontach mar é ar fáil dúinn! Tá saol an duine níos fearr as de bharr dul chun cinn i gcúrsaí leighis, i gcúrsaí oideachais, i gcúrsaí gnó agus mar sin de. Sábhálann an ríomhaire am agus dua ar an duine agus mar sin bíonn níos lú oibre le déanamh aige. Ní gá dó ach suí ag an ríomhaire nó ríomhaire glúine a oscailt agus cnaipe a bhrú agus tá lear mór eolais a dtugtar an tIdirlíon air díreach os a chomhair amach.
Is é an tIdirlíon an tslí is fusa agus is saoire le heolas a sheoladh nó le teagmháil a dhéanamh le duine eile. Is féidir teachtaireachtaí a chur chuig duine i dtír iasachta i bpreabadh na súl.
Is acmhainn fhoghlama agus
oideachasúil é an tIdirlíon freisin. Bíonn suímh idirlín den scoth ar fáil a chabhraíonn go mór le daltaí scoile feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus ar neart ábhar scoile eile.
Is féidir le duine a chuid billí a íoc nó a chuid siopadóireachta a dhéanamh ó bhaile anois. Is iomaí duine a chuireann saoire in áirithe ar an Idirlíon nó a cheannaíonn ticéid don phictiúrlann nó do cheolchoirm air. Is feídir earraí a cheannach agus a dhíol ar shuímh ar nós eBay. Anuas air sin is iontach
Gluais buailte linn: sroichte againn
nach méanar dúinn: nach aoibhinn dúinn dua: deacracht i dtír iasachta: thar lear
acmhainn fhoghlama: gléas a chabhraíonn le duine rud a fhoghlaim den scoth: ar fheabhas