Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:59 Page 180
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt Staidéar ar an dán
Íomhánna Déanann an file cur síos sa dán seo ar bheirt imreoirí snúcair ag iomaíocht lena chéile ar an gclár imeartha snúcair. Tá an bheirt acu an-éagsúil óna chéile. Is duine teasaí mífhoighneach é an tÉireannach Alsandar Ó hUiginn a mbíodh sé de nós aige tráth an-iomarca toitíní a chaitheamh. Bhí an-chaitheamh i ndiaidh na dí aige freisin. Tugadh an ‘Hurricane’ mar leasainm air toisc go dtagann na buillí go tréan agus go sciobtha nuair a bhíonn sé ag an gclár imeartha snúcair. A mhalairt ar fad atá i gceist i gcás an imreora eile, Steve Davis, mar is fear foighneach stuama é. Nuair a bhí an bheirt acu i mbarr a réimeanna ní raibh a sárú le fáil agus d’éirigh leo araon Craobh an Domhain sa snúcar a bhuachaint. D’imir an bheirt acu in aghaidh a chéile i gCluiche Ceannais an Domhain sa bhliain 1989 agus bhí an bua ag Steve Davis an babhta sin.
Cuireann an file na réaltaí snúcair seo i gcomparáid le beirt fhilí a chleachtann meadarachtaí difriúla. Cleachtann Alsandar an tsaorvéarsaíocht toisc go:
raideann sé na focail i ngach uile áit ag gabháil ó cheann ceann an bhoird le luas lasrach
Tugann an file ‘file ar buile’ air agus cuireann sé a phearsantacht agus a nós imeartha i gcomparáid le spéirling atá ag réabadh.
Is ‘file fónta’ é Steve Davis a bhfuil sainstíl aige - ní bhíonn sé faoi dheifir riamh nuair a bhíonn sé ag imirt agus déanann sé machnamh i gcónaí sula mbuaileann sé an chéad liathróid eile ar an gclár imeartha snúcair:
cuireann sé gach focal ina phóca ceart agus ní dhéanann sé faillí ar Uaim ná ar Mheadaracht.
Mothúcháin
Is léir go bhfuil spéis ag an bhfile sa snúcar mar chluiche spóirt agus mar chaitheamh aimsire. Tá meas mór aige ar na réaltaí spóirt seo a bhfuil tallann speisialta ag an mbeirt acu. Ceapann an file gur laochra spóirt iad atá éagsúil agus siamsúil i gcónaí.