Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:55 Page 83
Aonad a dó |Mo cheantar féin
Gluais Meaitseáil an liosta 1-5 leis an liosta A-E.
1. chun na míntíre 2. naomhóga 3. mall
4. choíche 5. taibhsí
A. go deo
B. chuig an mórthír C. curacha D. púcaí
E. go déanach
1 = 2 = 3 = 4 = 5 =
Staidéar ar an dán
Íomhánna Sa chéad véarsa den dán gearr seo cuireann an file pictiúr os ár gcomhair den oileán mar atá sé anois agus mar a bhí sula raibh ar phobal an oileáin é a fhágáil níos mó ná caoga bliain ó shin. Tá sé tréigthe agus ciúin anois mar d’imigh muintir an oileáin leo nuair a theip ar an iascaireacht agus nuair a bhí bia agus riachtanais eile an tsaoil ag éirí gann ar an oileán:
D’imigh na daoine leo Amach chun na míntíre
Sa dara véarsa déanann an file pearsantú ar an oileán nuair a deir sí go bhfuil sé cosúil le seanduine uaigneach atá ag cuimhneamh siar ar an am nuair a bhí an t-oileán faoi bhláth. Luann an file slite beatha na ndaoine fásta agus caithimh aimsire na bpáistí:
Is cuimhin leis páistí beaga Ag súgradh ar an trá
Is naomhóga ag iascaireacht Amuigh go domhain sa bhá.
Sa tríú véarsa faighimid pictiúr breá de na caithimh aimsire a bhí ag muintir an Bhlascaoid Mhóir. Is siombail é an t-oileán den seansaol Gaelach mar Gaeilge ar fad a labhair na hoileánaigh agus bhí na seantraidisiúin Ghaelacha fós beo ar an oileán leathchéad bliain ó shin. Ba bhreá le pobal an Bhlascaoid a bheith ag insint scéalta agus ag seinm ceoil i bhfochair a chéile. Admhaíonn an file ámh, go bhfuil an t-am sin thart anois:
Daoine ag insint scéalta Cois tine mall san oíche Ceol á sheinnt ar veidhlín Ní chloisfear arís é choíche.
Níl aon duine ina chónaí ar an mBlascaod anois ach amháin taibhsí agus léiríonn an file sa chaoi seo go bhfuil saol agus cultúr na hÉireann athraithe go mór agus go bhfuil cultúr an Bhéarla agus cultúr na meán cumarsáide i réim.