Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:56 Page 107
Aonad a trí | Ar scoil
A. Líon na bearnaí trí úsáid a bhaint as na focail thíos. 1. Bhí tuirse an domhain orm tar éis an turais fhada agus bhí na súile 2. Nuair a chuamar ar saoire anuraidh, bhí ár dtuismitheoirí 3. Bhí
nuair a thit mé de mo rothar inné.
4. Bhí mé ag tiomáint ar feadh trí huaire sular éirigh liom mo cheann scríbe 5. Bhí an obair an-dian agus bhí mé 6.
nuair a chríochnaigh mé í. nuair a tháinig an tarbh i mo threo.
7. Bhí an slua 8.
sular thosaigh an cheolchoirm.
an bpeileadóir agus thit sé go talamh. baineadh barrthuisle as – spíonta amach – inár dteannta
mo cheann ina roithleán – d’fhan mé i mo staic – a bhaint amach ag druidim orm – ar bís
B. Ceap abairtí a léireoidh brí agus ceartúsáid na bhfocal/na nathanna seo a leanas. ba ghearr – go gairid – ar fhaitíos na bhfaitíos – ag druidim – b’ionadh liom
Cleachtaí ceapadóireachta breise Aiste 1. Turais scoile – an taitneamh agus an tairbhe a ghabhann leo. 2. An lá ba thábhachtaí i mo shaol go dtí seo.
Scéal nó Eachtra
1. ‘Bhí mé ar chúl na scoile in éineacht le mo chairde. Go tobann chonaiceamar an Príomhoide ag teacht inár dtreo . . . ’
2. Déan cur síos ar eachtra ghreannmhar a tharla i do scoilse le déanaí. .
. .
Alt nuachtáin/irise Tá an nuachtán Foinse ag lorg alt ó dhaoine óga faoin ábhar ‘An Ghaeilge i do scoilse’. Scríobh an t-alt a chuirfeá chuig eagarthóir an nuachtáin faoin ábhar sin.
Creidim go láidir go bhfuil an- mheas ag formhór na ndaltaí sa scoil seo ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach. Tá sé mar aidhm ag múinteoirí Gaeilge na scoile seo spéis sa teanga a chothú ionainn agus í a mhúineadh mar theanga bheo
bheathach. Is maith liom an cúrsa
Gaeilge atá á dhéanamh agam i mbliana don Teastas Sóisearach. Bíonn ceithre rang Gaeilge againn sa
tseachtain ina
ndéanaimid cleachtadh ar labhairt, ar léamh, ar scríobh
agus ar éisteacht leis an
nGaeilge. Tá múinteoir den scoth againn agus cabhraíonn sí linn barr feabhais a chur ar ár gcuid Gaeilge. Gan aon agó is í an múinteoir is fearr liom. Is duine spreagúil, álainn í a bhfuil grá mór aici don Ghaeilge.