Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 20
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Dúirt tú chomh maith go mbreathnaíonn tú ar chláracha réaltachta ar nós I’m a Celebrity - Get me out of here! agus Big Brother agus ceapaim go bhfuil siad thar cionn freisin! Táim ag tnúth go mór leis na sraitheanna nua den dá chlár sin.
Imrím peil Ghaelach le foireann shóisearach na scoile (díreach cosúil leat féin) agus ba bhreá liom imirt ar fhoireann an chontae amach anseo.
Tá triúr deartháireacha agam: Breandán, Éamon agus Roibeard. Réitím go maith leo. Is mise an duine is óige. Is as Gaeltacht Chorca Dhuibhne do mo Mham ó dhúchas agus rugadh agus tógadh m’athair san Uaimh i gContae na Mí. Mar is eol duit ón seoladh, tá cónaí orm i nDeilginis agus is baile gleoite é. D’aistrigh mo thuismitheoirí go Baile Átha Cliath nuair a pósadh iad agus cheannaigh siad teach sa cheantar seo. B’fhéidir go dtabharfaidh tú cuairt orainn lá éigin!
Bhuel, sin a bhfuil uaimse. Scríobh chugam go luath nó cuir ríomhphost chugam.
Is mise, do chara,
Eimear
Gluais thar cionn: go hiontach ar fad ó dhúchas: rugadh agus tógadh í sa cheantar sin
Cleachtaí breise
Bhí do bhreithlá ann le déanaí. Scríobh litir chuig peannchara leat ag insint dó/di i dtaobh na hócáide.
I do litir luaigh: • dáta do bhreithlae agus d’aois anois • dhá rud a rinne tú ar an lá • na bronntanais a fuair tú.