Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:58 Page 152
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. Cén aois í Sinéad? 2. An mó duine atá sa teaghlach? 3. Cén post atá ag a hathair? 4. Cén spórt is fearr lena deirfiúr, Brídín? 5. Cad é an cluiche is mó a thaitníonn le Sinéad? 6. Cad a chuir a máthair in áirithe di? 7. Cad a dhéanfaidh Sinéad agus a máthair i Londain? 8. Cathain a thosaigh Sinéad ag imirt leadóige? 9. Cá dtionóltar an chraobh leadóige is mó ar domhan? 10. Cén fáth a mbéarfaidh sí scáth fearthainne léi?
B. Tascanna gramadaí (Trialacha Teanga Comhthéacsúla Cuid B Páipéar 1)
Tasc 1: Aimsigh dhá shampla denTuiseal Ginideach sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) ________________ 2. (Alt ) _____________ Tasc 2: Aimsigh samplaí d’aidiachtaí sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) ________________ 2. (Alt ) _____________
Tasc 3: Aimsigh ainmfhocail (1) san uimhir uatha agus (2) san uimhir iolra sa phíosa.
Do fhreagraí: 1. (Alt ) ________________ 2. (Alt ) ______________ Nóta: Cabhróidh na nótaí gramadaí atá in Aonad a dó agus in Aonad a naoi leis an dalta na tascanna a chomhlíonadh.
Léamhthuiscint 2 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Kieran Donaghy agus Tommy Walsh - Laochra Gael a Linne
Rugadh Kieran Donaghy i gCiarraí sa bhliain 1983 agus imríonn sé mar lántosaí ar fhoireann peile an chontae. Lena chois sin, imríonn sé leis an gclub Austin Stacks atá suite i dTrá Lí. Is cosúil nach mbíonn sé díomhaoin rómhinic toisc gur ball é den fhoireann cispheile, na ‘Abrakebabra Tigers’, chomh maith.
152
Sa bhliain 2005 bhuaigh sé corn náisiúnta leis ‘Na Tíogair’ agus an gradam ‘Imreoir na Bliana.’ D’imir sé i lár na páirce ar fhoireann peile an chontae le Dara Ó Sé an bhliain dar gcionn. Bhí roinnt daoine amhrasach faoi ar dtús toisc gur cuireadh den pháirc
Gluais díomhaoin: gan aon rud le déanamh aige amhrasach faoi: ní rabhthas cinnte faoi