Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 38
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Staidéar ar an scéal Tugtar cur síos dúinn sa scéal seo ar eachtra thubaisteach a tharla do dhuine ar a fheirm i Tennessee sa bhliain 1880. Chuaigh sé ar iarraidh nuair a bhí sé ag siúl a chuid tailte agus ní raibh tásc ná tuairisc air ó shin.
Tá réimse mothúchán sa scéal seo – áthas, eagla/faitíos, mearbhall, uafás, ionadh, truamhéil agus éadóchas.
Na pearsana sa scéal
David Lang Feirmeoir ba ea David. Bhí saol sona aige lena bhean chéile agus lena pháistí óga. Bhí sé an-cheanúil ar a bhean agus ar a pháistí, George agus Sarah.
Bean chéile Lang
Bhí grá mór aici dá fear céile agus dá páistí. Bhí sí trí chéile nuair a chuaigh David ar iarraidh.
George agus Sarah Bhí grá mór acu dá dtuismitheoirí agus bhí lúcháir orthu nuair a tugadh bréagán nua dóibh. Réitigh na páistí go maith lena chéile agus chaith siad a gcuid ama ag spraoi i gclós na feirme. Chuaigh siad go dtí an móinéar agus labhair a n-athair leo ach ní raibh siad in ann é a fheiceáil. Nuair a chuala siad guth a n-athar ar an móinéar, baineadh geit astu.
An Breitheamh Peck agus deartháir céile David Lang Bhí an bheirt acu i láthair nuair a chuaigh David Lang as amharc go deo.
An suirbhéir agus an geolaí Scrúdaigh siad tailte David Lang go mion ach ní bhfuair siad fiú is scoilt amháin a bhféadfadh fear dul i bhfolach ann.