Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:01 Page 219
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
Léamhthuisicint 2 Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Altan T
á Altanar cheann de na grúpaí ceoil traidisiúnta is mó a bhfuil tóir orthu
in Éirinn, gan trácht ar an ráchairt atá ar a gcuid ceoil thar lear. Bhunaigh Frankie Kennedy agus a bhean chéile, Mairéad Ní Mhaonaigh, an grúpa ag tús na n- ochtóidí. Ba as Béal Feirste ó dhúchas do Frankie agus sheinn sé an fheadóg mhór agus an fheadóg stáin. Deirtear go raibh féith an ghrinn i Frankie agus bhí gean ag cách air. Rugadh agus tógadh Mairéad i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá clú na hamhránaíochta uirthi ach is fidléir den scoth í chomh maith.
Ba mhúinteoirí bunscoile iad Frankie agus Mairéad agus bheartaigh siad éirí as a bpoist agus dul leis an gceol go lánaimseartha i lár na n-ochtóidí. Bhí a fhios acu gur réitigh a stíl cheoil go mór leis an lucht éisteachta in Éirinn – idir cheol suaimhneach sollúnta agus ríleanna agus jigeanna preabacha. Sa bhliain 1988 d’eisigh Altana gcéad albam Altan agus bhí díol as cuimse air ach is iomaí éacht a rinne an grúpa idir an dá linn. Shroich roinnt dlúthdhioscaí dá gcuid barr na gcairteacha tíre in Éirinn, i Meiriceá agus i Sasana. Tá dioscaí óir agus platanaim buaite acu in Éirinn chomh maith le dhá ghradam ceoil de chuid Hot Press,agus an gradam ‘Banna Ceoil Traidisiúnta na Bliana’ atá urraithe ag TG4.
Gluais
Chuaigh siad ar chúpla camchuairt dhomhanda agus ba ghearr go raibh lucht leanúna mór bainte amach acu sa tSeapáin, sa Nua Shéalainn, san Eoraip agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. D’iarr an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa orthu teacht léi ar cuairt stáit chun na Gréige roinnt blianta ó shin.
ráchairt: tá an-suim ag daoine sa ghrúpa ceoil seo féith an ghrinn: cumas grinn gean: cion sollúnta: brónach preabacha: bríomhar
bhí díol as cuimse air: d’éirigh leis an ngrúpa a lán ticéad a dhíol éacht: rud iontach a dhéanamh