Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:55 Page 74
Aonad a dó |Mo cheantar féin
Saol an bhaile mhóir agus saol na cathrach Na buanna
1. Bíonn atmaisféar anamúil, bríomhar ann. 2. Freastalaíonn an ceantar ar gach aoisghrúpa. 3. Bíonn raon leathan siopaí ann. 4. Bíonn mórán áiseanna eile ann.
5. Bíonn go leor imeachtaí á n-eagrú ann do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.
6. Bíonn scoileanna in aice láimhe.
7. Bíonn seirbhís mhaith busanna agus tacsaithe ann chomh maith le stáisiún traenach.
8. Bíonn seirbhís éigeandála ar fáil ann ó thús deireadh an lae.
Na lochtanna 1. Tá atmaisféar míchairdiúil, neamhphearsanta ann uaireanta. 2. Bíonn sé an-chlamprach. 3. Tá sé truaillithe agus brocach. 4. Bíonn sé contúirteach ann istoíche. 5. Tá daonra rómhór ann.
6. Bíonn fadhbanna móra ann ar nós drugaí, coiriúlacht, daoine gan dídean, bochtaineacht, foréigean, srl.
Bí ag caint
1. Ainmnigh cuid de na háiseanna atá i do cheantar féin. 2. Cad a dhéanann daoine óga sa cheantar? 3. An bhfuil tusa i do bhall d’aon chlub? Inis dom faoi/fúthu.
4. An bhfuil rogha leathan siopaí sa cheantar?/Cén sórt siopaí atá sa cheantar?
5. An dtéann tú ag siopadóireacht ag an deireadh seachtaine? 6. Cad é an siopa is fearr leat? 7. Cén sórt éadaí is fearr leat nó an bhfuil suim ar bith agat i gcúrsaí faisin? 8. An bhfaigheann tú airgead póca? Cad a cheannaíonn tú leis? 9. Céard é do mheas ar mhuintir na háite? 10. Cé acu is fearr leat – saol an bhaile mhóir nó saol na tuaithe? Cén fáth? 11. An dtéann tú go dtí bialann go minic? 12. Cad é an bia is fearr leat?