Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:21 Page 379
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine
Cleachtaí 1. Meaitseáil na focail atá ar an liosta 1- 10 leis na focail atá ar an liosta A-L. 1. i bhfad i gcéin
2. go tréan
3. rúille-búille agus an-rí-rá 4. faoi thoinn
5. a thabhairt slán 6. gonta 7. sinsir 8. luaith
9. gan chúnna 10. d’éag
2. Ceisteanna scrúdaithe
Léigh an dá dhán thuas agus freagair trí cinn de na ceisteanna a ghabhann leo. Ní mór ceist amháin a roghnú as A agus ceist amháin a roghnú as B. Is féidir an tríú ceist a roghnú as A nó B. Ceisteanna (iad ar cómharc)
A. Buntuiscint
i Cén pictiúr de na daoine a d’fhág Cóbh Chorcaí ar bord na loinge a tharraingítear i línte 1-4 den dán An Titanic?
ii Cén pictiúr den dobharchú a tharraingítear i línte 1-5 den dán An Dobharchú Gonta? iii Cad atá á rá ag an bhfile sna línte seo in An Dobharchú Gonta?
D’éag an domhan,
d’éag an ghrian i ngan fhios di mar bhí sí cheana ag snámh go sámh
in abhainn dhraíochta an chriostail.
B. Léirthuiscint ghinearálta
i Cén mí-ádh a bhí ar an dá mhíle duine a bhí ar bord an Titanic? ii Cad é an mothúchán is láidre, dar leat, sa dán An Dobharchú Gonta agus céard a spreag an mothúchán sin san fhile?
iii Tabhair cuntas gairid ar chosúlacht amháin nó ar dhifríocht amháin atá idir an dá dhán, dar leat.
A. ní raibh madraí ann B. a shábháil C. clampar D. bhásaigh E. tapúlacht F. muintir
G. faoin uisce H. thar lear I. gortaithe L. go trom