Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 24
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach Léamhthuisicint 2
Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Aoife Ní Thuairisg
Ní raibh ionadh ar aon duine nuair a thug Aoife Ní Thuairisg an gradam léi mar Phearsa Teilifíse na Bliana sa bhliain 2006. Is í ceann de na haghaidheanna is cáiliúla í atá aitheanta leis an stáisiún teilifíse Gaeilge TG4 agus tá baint aici le cuid de na cláracha is rathúla de chuid an stáisiúin chéanna.
As Indreabhán i gConamara ó dhúchas d’Aoife Ní Thuairisg agus tá beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin aici. Sular bhain sí cáil amach mar láithreoir teilifíse den scoth, chuaigh sí ar scoil i Scoil Shailearna agus i gColáiste Cholm Cille áit a ndearna sí an Ardteistiméireacht. Admhaíonn Aoife nach raibh tuairim ar bith aici faoi ghairm bheatha a roghnú nuair a bhí a cuid scrúduithe thart agus nár chuir sí isteach ar chúrsaí i gcoláistí tríú leibhéal.
Mar sin féin, is léir gur bean uaillmhianach í Aoife toisc gur éirigh léi gnólacht beag dá cuid féin a bhunú – siopa soghluaiste milseán. Bhí sí i mbun an ghnó seo ar feadh bliana nuair a bhuail sí le roinnt daoine a bhí ag smaoineamh ar stáisiún teilifíse Gaeilge a chur ar bun a bheadh lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Iarradh uirthi trialacha scáileáin a dhéanamh agus d’éirigh léi post a fháil sa stáisiún nua go gairid ina dhiaidh sin. I dtosach báire rinne sí ionadaíocht do bholscairí leanúnachais eile ag cur sceideal TG4 i láthair an phobail. Ba ghearr go raibh réamhaisnéis na haimsire á cur i láthair aici chomh maith. Ina theannta sin, léirigh sí roinnt cláracha dá cuid féin.
Ach is é cumas Aoife mar láithreoir is mó a tharraingíonn suntas uirthi anois. Bhí sí go seoigh i bpáirt an láithreora sa chlár Paisean Faisean ar feadh cúpla bliain agus réitigh a pearsantacht réchúiseach go mór leis an lucht féachana, idir óg agus aosta. Ba léir ón gclár céanna go bhfuil an-suim aici féin i