Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:59 Page 178
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt
Cleachtaí 1. Meaitseáil an liosta 1-8 leis an liosta A-H. 1. go scafánta
2. dradlán 3. ná goineadh
4. triollúsach teann 5. géar
6. an fód a sheasamh 7. i réim
8. níor thapaíodar a ndeis
A. go díograiseach B. a b(h)éal a oscailt, ag béicíl
C. ní raibh na himreoirí sásta géilleadh D. chaill siad an seans a tugadh dóibh E. ná lig dó tú a ghortú F. chun tosaigh
G. go láidir agus go gasta H. crua
1 = 2 = 3 = 4 = 5 = 6 = 7 = 8 =
2. Ceisteanna scrúdaithe (Filíocht anaithnid) Léigh an dá dhán thuas agus freagair trí cinn de na ceisteanna a ghabhann leo. Ní mór ceist amháin a roghnú as A agus ceist amháin a roghnú as B. Is féidir an tríú ceist a roghnú as A nó B.
Ceisteanna (iad ar cómharc) A. Buntuiscint
i Cuireann an file comhairle ar an iománaí sa dán Gaiscíoch an Chamáin. Breac síos dhá phointe eolais faoin gcomhairle sin.
ii Mínigh a bhfuil i gceist ag an bhfile sa cheathrú véarsa den dán Gaiscíoch an Chamáin.
iii Cén fáth a ndeir an file ag críoch an dáin Maigh Eo agus Willie Joe go mbeidh cuimhne go deo ar an gcluiche seo a d’imir Maigh Eo in aghaidh Chorcaí?
B. Léirthuiscint ghinearálta
i Cad is dóigh leat a léiríonn an dán Gaiscíoch an Chamáin faoin sórt duine atá san fhile? (Is leor dhá phointe).
ii Cén pictiúr den imreoir peile Willie Joe Padden a chuirtear os ár gcomhair sa dán Maigh Eo agus Willie Joe?
iii Tabhair cuntas ar chosúlacht amháin agus ar dhifríocht amháin atá idir an dá dhán, dar leat.