Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:00 Page 200
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. Cá bhfuil cónaí ar Áine?
2. Cad atá i ngar dá teach cónaithe? 3. Cé mhéad duine atá i dteaghlach Áine? 4. Cad iad na huirlisí ceoil a sheinneann a deartháireacha? 5. Conas a d’éirigh léi nuair a ghlac sí páirt i gcomórtas ceoil den chéad uair? 6. Cad a mhúscail a múinteoir ceoil inti nuair a thosaigh sí sa mheánscoil? 7. Cár sheinn ceolfhoireann na scoile go poiblí?
8. Cé a bhí ag seinm sa Cheoláras Náisiúnta nuair a thug Áine agus na daltaí eile cuairt air?
9. Cad é buaicphointe na scoilbhliana do na daltaí ceoil, dar léi? 10. Ainmnigh na cláracha raidió a thaitníonn le hÁine.
B. Tascanna gramadaí (Trialacha Teanga Comhthéacsúla Cuid B)
Tasc 1: Aimsigh dhá shampla den Tuiseal Ginideach sa phíosa. Do fhreagraí: 1.
(Alt ) ______________ 2. (Alt ) ______________
Tasc 2: Aimsigh samplaí d’aidiachtaí sa phíosa. Do fhreagraí: 1.
(Alt ) ______________ 2. (Alt ) _______________
Tasc 3: Aimsigh ainmfhocail (1) san uimhir uatha agus (2) san uimhir iolra sa phíosa. Do fhreagraí: 1.
(Alt ) ______________ 2. (Alt ) ______________
Nóta: Cabhróidh na nótaí gramadaí atá in Aonad a dó agus in Aonad a naoi leis an dalta na tascanna a chomhlíonadh.
Léamhthuiscint 2 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Breandán de Gallaí
Rugadh an rinceoir Breandán de Gallaí i nGaeltacht Thír Chonaill sa bhliain 1969. Deir sé go bhfuil dúil mhór ag a thuismitheoirí sa chultúr Gaelach agus gur thóg siad a seachtar clainne le Gaeilge dá bharr.
Ghlac Breandán páirt i bhfeis den chéad uair nuair a bhí sé deich mbliana d’aois. Ba ghearr go raibh craobhacha náisiúnta á mbuachaint ag an rinceoir óg agus ghnóthaigh sé an tríú háit sa chraobh dhomhanda nuair a bhí sé naoi mbliana déag d’aois.
Rinne Breandán staidéar i Chicago ar stíleanna rince éagsúla sular fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1988. Chaith sé seal ag múineadh ina dhiaidh
sin sular tugadh cuireadh dó páirt a ghlacadh i Riverdance sa bhliain 1994. 200