Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:56 Page 105
Aonad a trí | Ar scoil
Céim a ceathair Cleachtaí ceapadóireachta agus an Bhéaltriail
Eachtra/Scéal Léigh an eachtra seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann léi.
Turas Scoile go Páras
Chuaigh daltaí na tríú bliana as Coláiste Mhuire ar thuras scoile go Páras an mhí seo caite. Turas deireadh seachtaine a bhí ann agus bhí ceathrar múinteoirí inár dteannta. Bhailíomar le chéile faoi sholas na gealaí os comhair na scoile maidin Dé hAoine ar a cúig a chlog. Bhí an spéir daite le réaltaí geala agus bhí gaoth bhog ag séideadh. D’fhágamar slán ag ár dtuismitheoirí agus ba ghearr go rabhamar ar an mbealach chuig Aerfort Bhaile Átha Cliath. Thóg sé dhá uair an chloig orainn an phríomhchathair a bhaint amach ach níor chuir sé isteach orainn mar bhíomar ar bís.
Bhí sé ag druidim lena leathuair tar éis a seacht ar maidin nuair a chuamar ar bord scairdeitleáin ollmhóir. Go gairid ina dhiaidh sin réab an t-eitleán síos an rúidbhealach agus i bpreabadh na súl bhíomar san aer.
Thuirlingíomar i bPáras ar a naoi a chlog agus thosaigh an turas i gceart nuair a d’fhágamar an t-aerfort. B’ionadh liom na foirgnimh ghalánta agus éadaí
faiseanta na ndaoine.
Thugamar cuairt ar Ardeaglais Notre Dame de Paris agus b’iontach an rud é Óstán an Ritz a fheiceáil freisin. Chaitheamar an iarnóin ag siopadóireacht i lárionad siopadóireachta La Défense. Shroicheamar an t-óstán ar a naoi a chlog agus chuamar a chodladh láithreach mar bhíomar spíonta amach.
Gluais inár dteannta: in éineacht linn ba ghearr: níorbh fhada a bhaint amach: a shroichint ar bís: sceitimíní
ag druidim: ag tarraingt air go gairid: go luath b’ionadh liom: chuir sé ionadh orm spíonta amach: tuirseach traochta