Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:18 Page 319
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu Staidéar ar an dán
Íomhánna Úsáideann an file íomhánna áille atá ceangailte den dúlra cuid mhaith agus í ag smaoineamh siar ar laethanta sona a hóige agus ar ghrá tuismitheora.
Deir sí sa chéad véarsa den dán gur éirigh leis an mbeirt acu nead spideoige a aimsiú ag bun an ghairdín. Chabhraigh a hathair léi ‘na huibheacha a chomhaireamh’ agus chuardaigh siad pictiúr díobh i leabhar ina dhiaidh sin.
Is léir go raibh an-tuiscint ag athair an fhile ar shamhlaíocht an pháiste mar rinne sé rudaí léi a mbeadh suim ag páiste ar bith iontu. Insíonn an file dúinn sa tríú véarsa nach raibh leisce ar bith air ligean air féin go raibh sé ina spásaire a bhí ag taisteal lena iníon i roicéad:
…is a bhí mar chomhphíolóta agam ar ár gcéad thuras go Mars.
Mhúscail sé spéis sa dúlra inti mar chaith siad an-chuid ama ‘ag faire ar na damháin alla is na péisteanna’ agus ag bailiú iontaisí na coille le chéile.
Ní úsáideann an file an focal ‘tuismitheoir’ ar chor ar bith. Is fearr léi ‘tearmann do láimhe móire’ a úsáid. Meafar is ea é seo agus cruthaíonn sí pictiúr dúinn d’athair cosantach grámhar.
Tá an t-atmaisféar áthasach grámhar le brath fós ag deireadh an dáin nuair a léirítear dúinn gur bean í an file anois atá imithe amach sa saol. Cé gur duine fásta í, ní ligfidh sí an grá a bhí ag a hathair di agus an sonas a mhothaigh sí ina theannta i ndearmad go deo:
…anois agus tearmann do láimhe móire imithe uaim beidh oidhreacht do chuid ama agam go deo.
Mothúcháin
Is é an mothúchán is treise (is láidre) atá le brath sa dán seo ná an grá mór atá ag athair agus páiste dá chéile. Cuirtear an grá agus an sonas in iúl don léitheoir go simplí nuair a dhéanann an file cur síos ar an saol eachtrúil (lán d’eachtraí) a bhí aici i gcuideachta a tuismitheora le linn a hóige:
Tusa a chabhraigh liom
na huibheacha a chomhaireamh sa nead spideoige a bhí folaithe ag an eidhneán ag bun an ghairdín.