Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 30
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Staidéar ar an dán
Íomhánna Úsáideann an file íomhánna áille nuair a dhéanann sé cur síos ar an ócáid ghreannmhar seo. Deir sé gur thug a iníon bheag ordú dó dul síos staighre in éineacht léi mar theastaigh uaithi féachaint ar an teilifís. Cé go raibh sé dorcha agus fuar, thug sé cead a cinn di mar bhí a fhios aige nárbh fhiú cur ina coinne:
Ar a cúig a chlog ar maidin
Theastaigh an teilifís uaithi. An féidir argóint le beainín Dhá bhliain go leith?
D’fhéach an bheirt acu ar an teilifíseán ach ní raibh clár ar bith ar siúl fós. Ní raibh aon rud le feiceáil ach na mílte spotaí ag bogadh go tapaidh timpeall an scáileáin. Ach cé nár thug an file aon rud faoi deara, chonaic an naíonán sneachta agus ainmhithe éagsúla a chruthaigh sí ina samhlaíocht féin:
Ach chonaic sise sneachta Is sioráf tríd an sneachta Is ulchabhán Artach Ag faoileáil Os a chionn.
Mothúcháin
Is léir go bhfuil grá mór ag an bhfile dá iníon Saffron a bhí dhá bhliain go leith nuair a tharla an eachtra seo. Cé go raibh an file sa leaba nuair a d’iarr sí air dul síos an staighre léi, ní raibh sé in ann í a dhiúltú.
Is duine tuisceanach, grámhar é an file agus cé gur duine fásta é, géilleann sé dá pháiste.
Feicimid an páiste soineanta ag breathnú ar scáileán bán agus í ag samhlú go bhfeiceann sí an-chuid rudaí. Tugann an file suntas do na híomhánna/na pictiúir a shamhlaíonn Saffron agus éisteann sé lena bhfuil le rá aici. Tá sé an- soiléir go bhfuil an bheirt acu an-cheanúil ar a chéile.