Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 18
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Deich gceist ar fad a chuirfidh an t-iarrthóir. Ceisteanna Samplacha
1. Cad is ainm don choláiste samhraidh? 2. Cá bhfuil an coláiste seo suite? 3. Cé mhéad cúrsa atá/a bheidh ar siúl sa choláiste? 4. Cathain a thosaíonn Cúrsa A? Cén lá a thosaíonn an chéad chúrsa? 5. Cathain a thosaíonn Cúrsa B? Cén lá a thosaíonn an dara cúrsa? 6. Cathain a thosaíonn Cúrsa C? Cén lá a thosaíonn an tríú cúrsa?
7. Cathain a chríochnaíonn Cúrsa A? Cén lá a chríochnaíonn an chéad chúrsa?
8. Cathain a chríochnaíonn Cúrsa B? Cén lá a chríochnaíonn an dara cúrsa?
9. Cathain a chríochnaíonn Cúrsa C? Cén lá a chríochnaíonn an tríú cúrsa?
10. An imrítear spórt sa choláiste? An mbíonn spórt ar siúl sa choláiste?
11. An mbíonn ceol ar siúl sa choláiste? 12. An bhfuil tú ábalta bheith ag rince sa choláiste? 13. An mbíonn deis agat dul ag snámh sa choláiste?
14. An bhfuil tú ábalta dul ag siúl sa choláiste? An bhfuil tú ábalta dul ar shiúlóidí sa choláiste?
15. An mbíonn céilí ar siúl go minic? Cathain a bhíonn céilí ar siúl? 16. An bhfuil cead agam uirlis cheoil a bhreith liom? 17. An bhfuil sé ceadaithe feisteas spóirt a thabhairt liom? 18. Cé mhéad atá ar an gcúrsa samhraidh seo? Cad é an táille? 19. Cad is ainm don rúnaí?/Cé hé Liam Ó Sé?
20. Cad é an uimhir theileafóin?/Cén uimhir theileafóin atá ag an rúnaí?
21. Cad é seoladh gréasáin an choláiste? 22. Conas is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gcoláiste?