tharraing sé an bogha trasna na dtéad 9 = _______ 10 = _______ 11 = _______ 12 = _______
Staidéar ar an dán An cúlra stairiúil
Antonio Stradivari Tugtar ‘Stradivarius’ ar théaduirlisí ceoil a rinne an ceardaí mór le rá, Antonio Stradivari. Rugadh é san Iodáil sa bhliain 1644 agus tá na huirlisí ceoil a chruthaigh sé an-luachmhar go deo. Is iad na cinn a rinne sé nuair a bhí sé i mbarr a réime sa tréimhse 1700-1720 na cinn is fearr agus is luachmhaire díobh ar fad.
Fritz Kreisler Rugadh Fritz Kreisler i Vienna san Ostair sa bhliain 1875 agus bhain sé cáil dhomhanda amach mar veidhleadóir agus mar chumadóir ceoil den scoth. Deirtear go n-éiríodh leis an gceoltóir iontach seo fuaim shainiúil bhinn a bhaint as veidhlín nuair a chasadh sé é.
Throid Kreisler in arm na hOstaire sa Chéad Chogadh Domhanda agus goineadh é. Thug sé aghaidh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá go gairid ina dhiaidh sin agus is ann a chaith sé an chuid eile dá shaol. Sheinn sé go poiblí den uair dheireanach sa bhliain 1947 agus cailleadh é i gcathair Nua Eabhrac sa bhliain 1962.
Is léir go raibh an-chur amach ag Kreisler ar veidhlíní mar bhí roinnt veidhlíní luachmhara de chuid Guarnerius agus Bergonzi ina sheilbh aige.