Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:15 Page 263
Aonad a sé | Na Meáin Chumarsáide
Tá grá mór agam féin don Ghaeilge agus bhí mé ar buile leis an bhfear a chuir glaoch teileafóin ar láithreoir an chláir a dúirt gur beag suim atá ag daoine óga i labhairt na Gaeilge agus i gcultúr na hÉireann. A mhalairt ar fad atá fíor mar tá an-suim go deo ag aos óg na tíre sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach! Ní raibh deis ag na cainteoirí óga a bhí sa stiúideo freagra a thabhairt air de bharr easpa ama ach bheinn sásta dul ar an gclár agus an t-ábhar seo a phlé.
Tríd is tríd, áfach, cheap mé go raibh an clár cainte seo thar cionn toisc go gcreidim go láidir in óige na tíre seo agus ní minic a thugtar guth dúinn.
Guím gach rath ar bhur gcuid oibre! Is mise, le mórmheas,
Ciara de Brún Litreacha pearsanta
Cleachtadh breise Chonaic tú scannán sa phictiúrlann le déanaí a thaitin go mór leat. Scríobh an litir a chuirfeá chuig peannchara leat ag insint dó/di i dtaobh an scannáin.
Litreacha foirmeálta
Cleachtadh breise Léigh tú léirmheas ar scannán in iris na scoile. Níor thaitin an léirmheas leat. Scríobh an litir a chuirfeá chuig eagarthóir na hirise sin.
I do litir luaigh:
• ainm an scannáin agus an áit a raibh sé ar siúl
• cuntas gairid ar an scéal atá á insint sa scannán
• na carachtair/na haisteoirí atá ann. I do litir luaigh:
• dhá rud sa léirmheas nár aontaigh tú leo • trí rud uait féin i dtaobh an scannáin sin.
Gluais
ag déanamh buartha dóibh: ag cur isteach orthu ag déanamh aithrise: ag cóipeáil ag druidim linn: ag teacht tríd is tríd: ar an iomlán