Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:02 Page 245
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil Trialacha Teanga Comhthéacsúla – Cuid A 1 (10 marc)
Bhí tú ag ceolchoirm le déanaí. Chum tú cuntas/blag faoin gceolchoirm ar do ríomhaire. D’athraigh do dheirfiúr óg na briathra ar fad ón Aimsir Chaite go dtí an Aimsir Fháistineach mar chleas. Ní mó ná sásta a bhí tusa nuair a d’fhéach tú ar an gceacht an mhaidin dar gcionn. Bhí ort dul siar ar an gcuntas arís agus na briathra ar fad a chur san Aimsir Chaite. Beidh ceolchoirm de chuid The Black Eyed Peas ar siúl in Amharclann an O2 i mí Lúnasa. Ceannóidh mé féin
agus mo chairde ticéid ó Ticketmaster. Rachaimid go dtí Baile Átha Cliath ar an traein. Sroichfimid an O2 ar a hocht a chlog agus tiocfaidh an banna ceoil amach ar an stáitse ar a naoi. Canfaidh siad na hamhráin is fearr linn ar feadh dhá uair an chloig.
Scríobh tú an cuntas arís san Aimsir Chaite. Is mar seo a leanas a thosaigh tú: Bhí ceolchoirm de chuid…
2 (10 marc)
Theastaigh uait go leor rudaí a dhéanamh ag an deireadh seachtaine ach ní thabharfaidh do Mham cead duit mar fuair sí amach go raibh tú i dtrioblóid ar scoil. Cuireann sí gach rud a dúirt tú faoin deireadh seachtaine san fhoirm dhiúltach. Beidh mé ag dul go dtí an phictiúrlann le Ciara agus Cian ag an deireadh seachtaine. Cuirfidh mé na ticéid in
áirithe ar an idirlíon roimh ré. Buailfidh mé leo san ionad siopadóireachta roimh an scannán. Íosfaimid béile sa bhialann agus rachaimid ag siopadóireacht nuair a bheidh an scannán thart. Bainfimid an- taitneamh as an lá.
Tosaigh mar seo: “Ní bheidh tú ag dul go dtí an phictiúrlann le…”