Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:17 Page 296
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. Cén aois é Florjan? 2. Cár rugadh é? 3. Cá bhfuil cónaí air anois? 4. Cá bhfuil a athair ag obair? 5. Cén fáth a mbíonn brón ar mháthair Florjan? 6. Cá bhfuil sé ag dul ar scoil? 7. Cad iad na hábhair scoile is fearr le Florjan? 8. Cá bhfuil Coláiste Uí Chadhain suite? 9. Cad ba mhaith le Florjan a dhéanamh i gColáiste Uí Chadhain amach anseo? 10. Cén sórt ceoil a thaitníonn le Florjan?
B. Tascanna gramadaí (Trialacha Teanga Comhthéacsúla Cuid B Páipéar 1) Tasc 1: Aimsigh dhá shampla den Tuiseal Ginideach sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _____________ 2. (Alt ) _________ Tasc 2: Aimsigh samplaí d’aidiachtaí sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _____________ 2. (Alt ) _____________ Tasc 3: Aimsigh ainmfhocail (1) san uimhir uatha agus (2) san uimhir iolra sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _____________ 2. (Alt ) ___________ Nóta: Cabhróidh na nótaí gramadaí atá in Aonad a dó agus in Aonad a naoi leis an dalta na tascanna a chomhlíonadh.
Léamhthuiscint 2 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Evanna Lynch
Rugadh Evanna Lynch ar an 16 Lúnasa 1991 agus tá cónaí uirthi lena teaghlach i dTearmann Feichín i gContae Lú. Bhain sí cáil amach sa bhliain 2007 nuair a ghlac sí páirt Luna Lovegood sa scannán Harry Potter and the Order of the Phoenix.
Tionóladh trialacha éisteachta oscailte don scannán céanna i Londain sa bhliain 2006 agus theastaigh go géar ó Evanna dul ann toisc gur cheap sí féin go mbeadh sí go seoigh i bpáirt Luna. Chuaigh a hathair Dónal in éineacht léi cé go raibh a máthair Marguerite den tuairim nach n-éireodh léi toisc go raibh an-chuid cailíní (15,000 ar fad) ag cur isteach ar pháirt Luna.