Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:20 Page 366
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine
Deich gceist ar fad a chuirfidh an t-iarrthóir. Ceisteanna Samplacha
1. Cá bhfuil An Siopa Áitiúil suite?/Cén contae ina bhfuil an siopa seo? 2. Cad é an seoladh? Cad is ainm don bhóthar ar a bhfuil An Siopa Áitiúil suite? 3. An bhfuil bia ar díol sa siopa? 4. An bhfuil torthaí ar fáil sa siopa? 5. An bhfuil glasraí ar fáil sa siopa? 6. An bhfuil arán ar díol sa siopa? 7. An bhfuil iasc ar fáil sa siopa? 8. An ndíoltar feoil sa siopa? 9. An bhfuil bainne ar fáil sa siopa? 10. An bhfuil uisce ar díol sa siopa? 11. An ndíoltar mianraí sa siopa? 12. An bhfuil an siopa ar oscailt gach lá? 13. Cen t-am a osclaítear an siopa? 14. Cen t-am a dhúntar an siopa? 15. An mbíonn an siopa ar oscailt déanach gach lá? 16. Cén lá a bhíonn an siopa ar oscailt go déanach? 17. Cén t-am a dhúntar an siopa Dé hAoine? 18. Cén sórt praghsanna atá ar earraí sa siopa? 19. Cé mhéad atá ar bhainne mar shampla? 20. Cé mhéad atá ar bhuilín aráin? 21. Cé mhéad atá ar sé úll? 22. Cad é an uimhir theileafóin? 23. Cad é an seoladh gréasáin atá ag úinéirí an tsiopa?