Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:01 Page 214
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
mhór cheoil a chur ar siúl i gcuimhne air mar theastaigh óna theaghlach airgead a bhailiú do Chumann Ailse na hÉireann.
Tá a fhios agam go bhfuil dúil agat féin sa cheol agus gurbh aoibhinn leat a bheith ag seinm le Tomás Mór ag na céilithe móra nuair a bhí tú anseo. Inseoidh mé duit faoin oíche cheoil a bhí againn dó.
Thosaigh an seisiún ceoil i Halla Choláiste Chiaráin agus bhí ceol agus céimeanna damhsa den scoth le cloisteáil agus le feiceáil ann i rith na hoíche. Bhí an áit lán go doras mar tháinig cairde de chuid Thomáis Mhóir ó chian is ó chóngar don ócáid. Chan ceathrar amhránaithe ar an sean-nós ar feadh dhá uair an chloig agus bhí guthanna áille acu, bail ó Dhia orthu go léir!
Ach tá cúpla rud faoin ócáid nár thaitin liom in aon chor. Bhí an córas fuaime ar míghléas don chéad leath den cheolchoirm agus chuir sé isteach ar chuid de na ceoltóirí. Mar bharr ar an donas, bhí scata fear i láthair a tháinig isteach ar an mbád farantóireachta a bhí caoch ar meisce. Bhí orainn bata agus bóthar a thabhairt dóibh!
Tríd is tríd, bhí an oíche thar na bearta. Nil a thuilleadh nuachta agam duit agus caithfidh mé slán a fhágáil agat anois.
Beir bua, Do chara,
Cáit.
Gluais ar míghléas: ní raibh sé ag oibriú caoch ar meisce: an-ólta