Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:59 Page 169
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt
Cleachtaí breise Litreacha pearsanta
1. Bhuaigh tú comórtas le déanaí. Scríobh an litir a chuirfeá chuig cara leat ag insint dó/di ina thaobh.
I do litir luaigh: • an sórt comórtais a bhí ann
• an pháirt a ghlac tú féin ann • an duais a bhuaigh tú • dhá phointe eile faoin gcomórtas.
2. Bhí tú ag imirt cluiche agus chaill sibh é. Scríobh an litir a chuirfeá chuig cara leat ag insint dó/di faoi seo.
I do litir luaigh: • an dá fhoireann a bhí ag imirt
• an áit a raibh sé ar siúl • dhá rud uait féin i dtaobh an chluiche • eachtra ghreannmhar a tharla i rith an chluiche.
Litreacha foirmeálta
1. Léigh tú alt sa nuachtán Foinse inar cáineadh an spórt is fearr leat féin. Scríobh an litir a chuirfeá chuig eagarthóir an nuachtáin sin.
I do litir luaigh: • dhá rud san alt nár aontaigh tú leo
• dhá rud uait féin i dtaobh an spóirt sin
• pointe ginearálta i dtaobh cúrsaí spóirt sa nuachtán sin.
2. Léigh tú alt i nuachtán Gaeilge dar teideal ‘Tá an spórt á mhilleadh ag drugaí mídhleathacha.’ Scríobh an litir a chuirfeá chuig eagarthóir an nuachtáin Ghaeilge sin faoin ábhar sin.
I do litir luaigh: • mar a chuaigh an t-alt i bhfeidhm ort
• dhá thuairim uait féin ar an ábhar • pointe nó dhó eile faoin alt.