Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:57 Page 126
Aonad a trí | Ar scoil Mothúcháin
Sa chéad véarsa deir an file go bhfuil an t-oide cosúil le rí a chaitheann go maith le daoine. Is léir go bhfuil cion agus meas ag an oide ar a chuid daltaí mar ní gnáthbháid iad ach ‘soithigh’ luachmhara:
Uasal ceird an oide: Mar rí ar imeall trá
Sa dara véarsa cuireann an file an t-oide i gcomparáid le garnóir agus tugann sé le tuiscint dúinn nach fiailí gránna iad na daltaí ach gurb iad na bláthanna is áille atá ag fás sa teach gloine:
Aoibhinn ceird an oide: mar gharnóir lá Iúil
Is é an t-uaigneas a bhraitheann an t-oide nuair a fhágann a chuid daltaí é an mothúchán is láidre sa véarsa deireanach. Tá tréimhse fhada caite ag an máthair ag tógáil a clainne ach ní mór dóibh imeacht uaithi sa deireadh thiar. Bíonn brón agus uaigneas ar mháthair nuair a scaipeann a cuid páistí agus is amhlaidh atá an scéal i gcás an oide nuair a fhágann a chuid daltaí an seomra ranga den uair dheireanach:
Uaigneach ceird an oide: mar mháithrín léi féin.
Ceisteanna scrúdaithe
Ainmnigh dán Gaeilge (a ndearna tú staidéar air i rith do chúrsa) a bhfuil do rogha ceann amháin de na téamaí seo thíos i gceist ann. Ní mór teideal an tsaothair sin, mar aon le hainm an fhile, a scríobh síos go soiléir.
i
(a) an óige (b) an scoil (c) uaigneas (d) grá (e) áthas (f) mórtas/bród
ii Tabhair cuntas gairid ar a bhfuil sa dán sin faoin téama atá roghnaithe agat agus ar an gcaoi a gcuireann an file an téama sin os ár gcomhair.