Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:01 Page 210
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
An Bhéaltriail Pictiúr 1
Sraith Pictiúr 5
Sa chéad phictiúr tá Diarmaid sa bhaile leis féin nuair a thagann Conchúr go dtí an teach. Teach gleoite atá ann gan aon agó agus tá cnagaire breá práis ar an doras. Cnagann Conchúr ar an doras agus cloiseann Diarmaid é.
Osclaíonn Diarmaid an doras agus feiceann sé Conchúr ina sheasamh ann. Tá an aimsir go breá agus tá T-léine bhán ghalánta á chaitheamh ag Diarmaid agus tá ceann dubh ar Chonchúr. Tá gruaig Dhiarmada fionnbhán agus tá gruaig dhubh chatach ar Chonchúr. Beannaíonn siad dá chéile:
‘Dia duit, a Chonchúir,’ arsa Diarmaid. ‘Dia is Muire duit, a Dhiarmaid. Aon scéal?’ arsa Conchúr. ‘Deabhal scéal mura bhfuil scéal agatsa,’ arsa Diarmaid. ‘‘An bhfuil Aoife istigh?’ arsa Conchúr.
Pictiúr 2
Sa dara pictiúr insíonn Diarmaid do Chonchúr nach bhfuil Aoife sa bhaile.
‘Níl. Chuaigh sí amach lena cara Siabhra uair an chloig ó shin’, arsa Diarmaid.
Pictiúr 3
Is léir ón tríú pictiúr gur thug Aoife cuireadh do Chonchúr dul chuig dioscó. Bhí áthas ar Chonchúr an cuireadh a fháil uaithi ach ní bheidh sé ábalta dul léi. Scríobh sé an nóta seo di:
Tá brón orm a Aoife ach ní bheidh mé ábalta dul go dtí an dioscó sa chlub óige leat. Caithfidh mé aire a thabhairt do mo dheirfiúr bheag, Órlaith, anocht. Ba dheas uait smaoineamh orm nuair a thug tú an cuireadh dom.