Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 10
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Céim a ceathair Cleachtaí ceapadóireachta agus an Bhéaltriail
Aiste Léigh an aiste seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann léi.
do dhaoine faoi bhun ocht mbliana déag ticéid le haghaidh an Lotto a cheannach. Ach bheadh mo Dhaid nó mo Mham in ann é a bhuachaint agus ní bheadh leisce ar bith orm teacht i gcabhair orthu nuair a bheidís ag iarraidh an t-airgead a chaitheamh. Bhuel, ní dhéanfaidh sé dochar ar bith dom a bheith ag samhlú!
Dá mbuafainn an Crannchur Náisiúnta G
Bheadh an teaghlach ar fad ar bís nuair a gheobhaimis seic mór sa phost
nó b’fhéidir go mbeadh orainn dul go Baile Átha Cliath chun an t-airgead a bhailiú ag ceanncheathrú an Chrannchuir. Nuair a thabharfadh mo thuismitheoirí mo sciar féin dom, d’osclóinn cuntas bainc agus chuirfinn roinnt airgid i dtaisce ann láithreach. Thabharfainn cuid den airgead ar ais do mo thuismitheoirí mar bhronntanas agus ní dhéanfainn faillí ar mo chuid cairde ach an oiread.
D’eagróinn cóisir mhór do mo ghaolta agus do mo chairde agus réiteoinn béile
blasta dóibh. D’iarrfainn ar U2 canadh do na haíonna! Bheadh bronntanais iontacha agam do gach duine agus chríochnóinn an chóisir le taispeántas de thinte ealaíne os cionn an tí.
Thógfainn teach breá
compordach do mo theaghlach faoin tuath agus ní bheadh saol gnóthach na cathrach ag cur isteach orainn a thuilleadh. Bheadh
feirm dhéiríochta bheag agam chomh
maith le stáblaí do mo chuid capall. Ina theannta sin,
cheannóinn roinnt árasán sa Spáinn agus sa Phortaingéil agus bheimis in ann fanacht iontu go ceann cúpla mí i rith an tsamhraidh nó nuair a bheadh an aimsir go hainnis in Éirinn!
10
Gluais ríméad: bheadh an-áthas orm
ní ceadmhach do: níl sé ceadaithe ag samhlú: a bheith aislingeach ar bís: corraithe mo sciar féin:mo chuid féin i dtaisce: a chur sa bhanc
faillí: a bheith dearmadach faoi dhuine nó faoi rud éigin na haíonna: na daoine a fuair cuireadh ina theannta sin: chomh maith leis sin go hainnis: go dona
an dabht, bheadh ríméad orm dá mbuafainn an Crannchur Náisiúnta. Ní fhéadfainn féin é a bhuachaint mar ní ceadmhach