Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:00 Page 204
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
Céim a ceathair Cleachtaí ceapadóireachta agus an Bhéaltriail
Eachtra/Scéal Léigh an scéal seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Ceolchoirm a chonaic mé T
á cuimhne na hoíche sin chomh soiléir i m’aigne go dtabharfainn an leabhar gur tharla sé inné. Bhí mé ceithre bliana déag ag an am
agus bhí mé ar saoire i San Francisco le mo thuismitheoirí ar feadh coicíse. Nuair a bhí deireadh na saoire ag druidim linn, fuaireamar amach go mbeadh U2 ag seinm i staid ollmhór ar imeall na cathrach. D’éirigh le m’athair ticéid a chur in áirithe don triúr againn ar an idirlíon.
Is maith liom gach cineál ceoil ach, maidir le U2, ní dóigh liom go bhfuil a sárú le fáil. Ba bheag nár thit mé i laige nuair a chuala mé an dea-scéala agus ghabh mé buíochas ó chroí le m’athair.
Nuair a shroicheamar an staid ollmhór bhí an ghrian ag dul faoi. Bhí an áit dubh le daoine agus bhí orainn brú isteach tríd an slua go dtí gur shroicheamar ár suíocháin. Bhí callairí móra ar fud na háite agus bhí scáileán mór leathan os cionn an ardáin. Baineadh léim asam nuair a mhúscail guth ard ar an gcallaire mé. ‘Cuirigí bhur lámha le chéile agus cuirigí fáilte mhór Mheiriceánach roimh Freak When C!’
Leis sin tháinig an grúpa tacaíochta amach ar an stáitse agus sheinn siad ar feadh leathuair an chloig. Nuair a bhí deireadh ráite acu, múchadh na soilse. D’fhan an slua ina dtost agus gan choinne thosaigh guth Bono agus giotár The Edge ag preabadh ar na callairí. Lasadh na soilse ildaite arís agus bhí Bono agus na baill eile de chuid U2 druidte le chéile i lár an stáitse. Chuaigh an lucht éisteachta le báiní.
204
Gluais go dtabharfainn an leabhar: go mbeinn cinnte de ag druidim linn: ag teacht a sárú: níl aon ghrúpa ceoil inchurtha leo mhúscail: dhúisigh ina dtost: bhí siad ciúin druidte le chéile: bailithe le chéile le báiní: as a meabhair nach mór