Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:56 Page 110
Aonad a trí | Ar scoil
An Bhéaltriail Pictiúr 1
Sraith Pictiúr 3
Lá deas atá ann i lár an earraigh, b’fhéidir. Tá beirt daoine óga darb ainm Liam agus Sinéad ar shiúlóid faoin tuath sa chéad phictiúr. Ceapaim go bhfuil an bheirt acu ag caint faoi na radharcanna áille a bhainfeadh an anáil díot.
Tá gruaig dhubh ar Liam agus tá gruaig fhionn ar Shinéad. Tá seaicéid agus bríste deinim á gcaitheamh ag an mbeirt acu agus tá málaí droma acu. Sroicheann siad loch beag. Is áit iargúlta í agus tá fógra curtha in airde ag duine éigin ar an mbruach ag rá go bhfuil an loch an-dainséarach.
Tá fear meánaosta a bhfuil gruaig dhubh chatach agus féasóg air ina shuí i mbád beag atá ar ancaire. Fear ciallmhar atá ann mar go bhfuil seaicéad tarrthála á chaitheamh aige.
Pictiúr 2
Sa dara pictiúr is léir go mbeartaíonn an bheirt acu dul ag snámh sa loch agus cuireann siad a gcultacha snámha orthu. Tosaíonn an bheirt acu ag snámh. Tá snámh brollaigh á dhéanamh ag Sinéad ach is fearr le Liam an tsaorstíl. Tosaíonn sé ag snámh amach sa loch ach tá Sinéad níos ciallmhaire agus snámhann sí i dtreo bhruach an locha.
Pictiúr 3
Tá Liam i gceartlár an locha sa tríú pictiúr. Go tobann buaileann crampa é.
Mar bharr ar an donas buaileann scanradh é agus tá a fhios aige go bhfuil sé i mbaol a bháite. Screadann sé in ard a chinn is a ghutha. ‘Cabhair,’ a bhéiceann sé, ach síleann sé go bhfuil a phort seinnte. Ar ámharaí an tsaoil, cloiseann an bádóir é.