Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:01 Page 208
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
na traiceanna Coinleach Glas an Fhómhair, Buachaill ón Eirne agus Tóg go bog é. Beidh ionadh ort nuair a chloisfidh tú iad!
Chaith an giotáraí, Séamas Ó Catháin, seal ag foghlaim ceol na Seapáine agus beidh éisteoirí faoi dhraíocht ag áilleacht an cheoil a chasann sé ar na leaganacha de Níl sé ina lá agus Táimse im’ chodladh.
Tá neart duaiseanna buaite ag baill an ghrúpa seo cheana féin. Bhuaigh Neasa Craobh Chonnacht ag an bhFleá Cheoil anuraidh agus tá roinnt duaiseanna buaite ag Cian agus ag Tomás ag féilte ceoil éagsúla ar fud an domhain. Ina theannta sin, tá dhá dhiosca óir agus gradam
Meteorbuaite acu.
Tá tionscadal spéisiúil á eagrú ag Meanma i mbliana agus tá maoiniú faighte acu chuige sin ón Roinn Oideachais cheana féin. Mar chuid den tionscadal seo, tabharfaidh baill Mheanma cuairt ar mheánscoileanna éagsúla ar fud na tíre. Seinnfidh siad do na daltaí ar ndóigh ach beidh deis ag na daltaí labhairt le baill an ghrúpa agus a dtuairimí faoina gcuid ceoil agus albam a nochtadh. Gheobhaidh gach scoil a ghlacfaidh páirt sa tionscadal cóipeanna de Ceolta na Cruinne saor in aisce agus beidh roinnt ceoltóirí óga de chuid na scoile in ann cúpla fonn a chasadh leis an ngrúpa.
D’fhógair an stáisiún raidió Anocht FM le déanaí go mbeidh cóipeanna den albam nua á mbronnadh ar éisteoirí agus nach mbeidh le déanamh acu ach ceist shimplí faoin ngrúpa a fhreagairt ar an aer.
Mar fhocal scoir ba mhaith liom a rá gur féasta deas ceoil atá san albam seo – scoth an cheoil d’amhráin Ghaeilge agus d’amhráin iasachta. Caithfidh tú clúdach an albaim a fheiceáil chomh maith mar tá sé thar na bearta! Mholfainn d’éinne, ar spéis leis nó léi an ceol, an t- albam seo a cheannach. Ní bheidh aiféala ort!
Seán Ó Loingsigh
Gluais neart: a lán tionscadal: tionscnamh maoiniú: airgead a nochtadh: a léiriú saor in aisce: ní gá íoc astu a chasadh: a sheinnt á mbronnadh: á dtabhairt do scoth an cheoil: ceol iontach thar na bearta: tá sé go hiontach