Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 19
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach Litir phearsanta
Léigh tú litir sa nuachtán Foinse ó dhuine óg atá ag lorg peanncharad. Scríobh an litir a chuirfeá chuig an duine sin.
I do litir luaigh: • dhá rud a bhí sa litir ón duine óg
• rud éigin faoin ngrianghraf díot féin atá á sheoladh agat
• dhá rud fút féin agus faoi do shaol.
11 Garrán na Cluana, Deilginis,
Co. Bhaile Átha Cliath. 17 Bealtaine 20__
A Shorcha, a chara,
Beatha agus sláinte! Eimear de Buitléar is ainm domsa agus léigh mé do litir sa nuachtán Foinse cúpla lá ó shin. Tá mé cúig bliana déag d’aois agus ceiliúraim mo bhreithlá ar an 6 Meitheamh. Tá mé céad seasca ceintiméadar ar airde agus, mar a fheiceann tú sa ghrianghraf atá istigh leis seo, tá gruaig fhionn orm agus tá dath gorm ar mo shúile. Tógadh é sin anuraidh nuair a bhí mé ar saoire san Afraic Theas. Is fuath liom na trilseáin a bhí i mo chuid gruaige agus bhí an-iomarca ama caite agam ag déanamh bolg le gréin! Tá brón orm nár éirigh liom grianghraf níos fearr a thaispeáint duit.
Luaigh tú i do litir go bhfuil cónaí ort i nGaeltacht Dhún na nGall agus ní mór dom a rá go raibh an-áthas orm faoi sin mar is aoibhinn liom an Ghaeilge mar theanga agus is é an t-ábhar is mó a thaitníonn liom ar scoil. Táim ag freastal ar scoil lán- Ghaelach agus tá sé beartaithe agam freastal ar choláiste samhraidh i Rann na Feirste nuair a bheidh scrúduithe an tsamhraidh thart. Beidh deis againn bualadh lena chéile ansin!
Gluais anuraidh: an bhliain seo caite beartaithe: socraithe thart: críochnaithe deis: seans