Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:52 Page 4
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Céim a dó Cleachtaí léamhthuisceana agus tascanna gramadaí
Léamhthuiscint 1 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Laoise Ní Chatháin
Laoise Ní Chatháin an t-ainm atá ormsa agus tá mé i mo chónaí i mBéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe. Is as Contae na Mí ó dhúchas do mo Dhaid agus is as Baile Átha Cliath do mo Mham. Rugadh mé sa phríomhchathair ar an gcúigiú lá de mhí na Bealtaine 1995. D’aistrigh mé féin agus mo theaghlach go dtí an ceantar seo nuair a bhí mé an-óg mar cailleadh seanuncail liom agus d’fhág sé feirm bheag le huacht ag mo thuismitheoirí.
Tá cúigear sa teaghlach: m’athair agus mo mháthair, mé féin agus mo bheirt deartháireacha, Daithí agus Niall. Is cúpla iad agus tá siad ceithre bliana níos óige ná mé. Is duine gealgháireach é Daithí ach tá Niall an-scáfar ar fad. Tá an bheirt acu ag freastal ar bhunscoil áitiúil agus táim féin ag freastal ar chlochar atá suite i lár an bhaile.
Ní réitím le mo dheartháireacha i gcónaí agus bímid ag achrann is ag bruíon ó am go chéile faoin gcianrialtán don teilifíseán agus faoi chluichí ríomhaireachta. Is innealtóir é m’athair le comhlacht tógála agus deir mo ghaolta liom go bhfuil an-dealramh agam leis mar tá an-suim ag an mbeirt againn i gcúrsaí ceoil. D’iarr sé orm dul leis chuig an Electric Picnic i mbliana agus bhaineamar an-sult as. Is múinteoir corpoideachais í mo Mham i meánscoil atá suite sa bhaile seo agus deir cuid de mo chairde atá ag freastal ar an scoil sin gur múinteoir den scoth í.
Is iad na hábhair scoile is fearr liom ná ceol agus ealaín. D’éirigh liom an chéad duais a bhuachaint i gcomórtas ealaíne i rith na Cásca. Nuair a bhíonn go leor ama agam, is breá liom a bheith ag léamh agus is í Jacqueline Wilson an t-údar is mó a thaitníonn liom.
4
Gluais d’aistrigh mé féin: bhog mé le huacht: rud a bhronnadh ar dhuine/tiomna gealgháireach: an-sona ar fad an-dealramh: a bheith an-chosúil le duine den scoth: thar cionn