Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:01 Page 227
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
Ba bheag nár mhúscail sé na mairbh nuair a sheinn sé a cheol draíochta go mothálach:
Ag triall ón uaigh do phlódaigh slua Nuair ghlaoigh an seanveidhlín
Chuaigh a chuid ceoil i gcion ar dhaoine a bhí beo freisin mar deir an file gur cuireadh ionadh orthu nuair a chuala siad é:
Lasmuigh sa ród do stad an glór, Gach beo faoi dhraíocht sa gceol,
Do thost gach céim, do reoigh gach béal Is cheolaigh sárcheoltóir.
Nuair a chuir Kreisler clabhsúr ar an gceol, lean saol fuadrach glórach an bhaile mhóir ar aghaidh arís. Is léir go raibh cluas mhaith ag an siopadóir don cheol agus gur thuig sé go maith go gcaithfeadh sé an veidhlín a bhronnadh ar an gceoltóir cumasach seo a d’aimsigh é ‘trí sheans mall Dé.’ Dá mbeadh an veidhlín ina sheilbh ag Kreisler, ní bheadh sé ina thost ‘faoi smúit na mblian’ a thuilleadh:
Ní cuí a choimeád anseo ’na thost, Ach buanaigh air do cheol.
Ceisteanna scrúdaithe
i Ainmnigh dán Gaeilge (a ndearna tú staidéar air i rith do chúrsa) a bhfuil do rogha ceann amháin de na téamaí seo thíos i gceist ann. Ní mór teideal an tsaothair sin, mar aon le hainm an fhile, a scríobh síos go soiléir.
(a) ceol (b) cion ag an bhfile ar dhuine áirithe (c) duine éigin nó rud éigin a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an bhfile (d) eachtra ar chuir an file spéis ar leith ann (e) meas ag an bhfile ar dhuine áirithe (f)moladh
ii Tabhair cuntas gairid ar a bhfuil sa dán sin faoin téama atá roghnaithe agat agus ar an gcaoi a gcuireann an file an téama sin os ár gcomhair.